Ní maith le Seán, Róisín ná le Maggie a bheith i dtrioblóid lena dtuismitheoirí. Nach breá madra a bheith acu, mar sin. Is féidir leo an milleán a chur ar Dhrubal bocht maidir leis na rudaí dána ar fad a dhéanann siad féin! Filleann an feall ar an bhfeallaire, áfach, agus tarlaíonn rud nach raibh coinne ag na páistí leis ar chor ar bith. Gabhann CD fuaime leis an leabhar.