An Chuid Eile Díom Féin, Aistí le Máirtín Ó Direáin

15.00

Léigh sliocht as an leabhar

Stoc ar fáil

Cé gur mar fhile is fearr aithne ar an Árannach Máirtín Ó Direáin (1918 – 1988), chleacht sé prós chomh maith i gcaitheamh a shaoil, altanna a bhformhór, a foilsíodh in irisí agus nuachtáin mar An Stoc, Ar Aghaidh, Scéala Éireann, Feasta agus araile.

Tá éagsúlacht mhór ábhar sa gcnuasach seo: an saol in Árainn agus an file ina ghasúr, cúrsaí litríochta, saol na cathrach le hais saol na tuaithe, chomh maith le blúiríní beaga cumadóireachta.

Tá rannóg grianghraf sa leabhar chomh maith a bhí le feiceáil sa taispeántas Máirtín Ó Direáin Fathach File / Reluctant Modernist 1918-1988, a chuir an t-eagarthóir, Síobhra Aiken, i dtoll a chéile in 2018.

 

Meáchan 250 g

For fans of the poetry or prose of the late Máirtín Ó Direáin, there’s a double treat available in these books*, which should increase the appreciation of the literary giant from Inis Mór. While best known as one of the major Irish poets of the twentieth century, Ó Direáin also regularly contributed to newspapers and magazines. ‘An Chuid Eile Díom Féin’ is a collection of newspaper and magazine articles spanning 50 years, many on literary matters, others, reflections on contemporary events. The book doesn’t have the thematic unity or depth of Ó Direáin’s essays in ‘Feamainn Bealtaine’ or the deep insights offered by Eoghan Ó hAnluain’s book-length interview ‘Ar an Ulán Ramhar’, but there’s still lots of new material collected for the first time by Síobhra Aiken.
* ‘Máirtín Ó Direáin: Selected Poems / Rogha Dánta’
Leabhair idir lámha, Cathal Póirtéir, Books Ireland, Bealtaine / Meitheamh 2019

Bhí Máirtín Ó Direáin, file, buartha faoin ‘ualach deannaigh’ a bhí ina bhagairt ar a shaol cruthaitheach. Seans mór go mbeadh tógáil croí le fáil aige dá mbíodh a fhios aige go raibh réimse eile dá shaothar – a chuid iriseoireachta – i ndiaidh teacht slán ón ualach chéanna sa leabhar, An Chuid Eile Díom Féin: aistí le Máirtín Ó Direáin (Cló Iar-Chonnacht, €15).

Síobhra Aiken, scoláire óg, atá i ndiaidh obair mhaslach na heagarthóireachta a thógáil uirthi féin. B’fhéidir go mbainfeadh sé preab as mórán daoine fáil amach gur scríobh Ó Direáin an oiread sin sleachta próis thar na blianta. Tá breis agus 300 leathanach bailithe le chéile anseo. Sin measarthacht scríbhneoireachta de réir slat tomhais ar bith agus is as foilseacháin éagsúla a tháinig na píosaí uilig; irisí de chuid lucht na Gaeilge agus foilseacháin mhóra an Bhéarla ar nós The Irish Press nó Scéala Éireann lena ainm Gaeilge a thabhairt air.

Léiriú atá i líon na leathanach féin den achar mhór ama a chaith Ó Direáin i mbun próis, ó na 1930idí go dtí na 1960idí. Sea, bhí, agus bíonn, gá leis an chúpla punt i dtólamh ag file ar bith.

Foilsíodh an léirmheas seo ar Tuairisc.ie. Is féidir an léirmheas ar fad a léamh ag an nasc seo: https://tuairisc.ie/ni-haon-seanscealta-agus-meirg-orthu-aisti-mhairtin-ui-dhireain/
Ní haon seanscéalta agus meirg orthu aistí Mháirtín Uí Dhireáin, Pól Ó Muirí, Tuairisc.ie, Meitheamh 6, 2019

Tá an cnuasach aistí roinnte ina cheithre chuid. Ar thús cadhnaíochta tá promhadh pinn na ndréachtaí luatha ó na tríochaidí a foilsíodh in ‘An Stoc’, ‘Ar Aghaidh’, agus ‘Scéala Éireann’. Is ríléir tionchar an bhéaloidis anseo, cur chuige an tseanchaí agus cur chuige an bhéaloideasoóra á chleachtadh ag an údar de réir mar a d’oir, agus léirítear an tuiscint chumhúil chéanna ar shaol agus ar thraidisiún a bhí ag meath a shaineodh a fhilíocht luath ar ball. Sna sála ar na haistí seo tá rogha alt as ‘Seo is Siúd’, colún coicísiúil scigmhagaidh a scríobh an Direánach sna daicheadaí in iris eile, ‘An Glór’, faoin ainm cleite ‘Ruaidhrí Beag’.

Sliocht as léirmheas a foilsíodh san iris Comhar, Eanáir 2019.
Léirmheas le Caoimhín Mac Giolla Léith, Comhar, Eanáir 2019