Mín na Craoibhe
Tugann Diane Cannon léargas pearsanta anseo ar an inspioráid agus ar an chomhthéacs cultúrtha a spreag na hamhráin atá le cluinstin ar an albam atá leis an leabhar. Fríd chomhrá agus le hionchur ó na hamhránaithe ar fhoghlaim sí na hamhráin uathu, nochtar scéalta, cuimhní agus eolas faoin traidisiún a choinníonn na hamhráin seo beo beithíoch.
Chomh maith leis an CD, tá nasc ann chuig íoslódálacha digiteacha de na hamhráin, rud a chuireann eispéireas iomlán cluin-leitheoireachta ar fáil don éisteoir.
Formáid Clúdach bog
Foilsitheoir Éabhlóid









