Níl stoc ar fáil

Leabhar Mór na nAmhrán

25.00

Níl stoc ar fáil

Product ID: 32223 ISBN: 9781909367586 Category: Clibeanna: ,

Buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin, Leabhar na Bliana 2013

Leabhar é seo don scoláire, don amhránaí agus do dhuine ar bith ar suim leo teacht ar thuiscint níos leithne ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge. Ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge, ar an sean-nós, atá ann. Ó cheann ceann na tíre iad agus tá nótaí cuimsitheacha cúlra ag dul le gach uile cheann díobh maidir le cé dar díóbh iad, cé a chum, an chaoi ar scaipeadh iad agus an dream a chasann iad sa lá atá inniu ann.

Tá amhráin sa leabhar seo a bhfuil eolas go forleathan orthu agus amhráin nach bhfuil an cur amach céanna ag daoine orthu. Tá amhráin bheaga agus amhráin mhóra anseo, iad fada agus gearr, mall agus sciobtha, sean agus óg.

‘Ba iad na hamhráin seo a choinnigh beo iad scaití, a thug faoiseamh, sólás, misneach, pléisiúr éigin is dóchas dóibh in am an ghátair. Ba saibhreas anama san am sin iad is níor ligeadar in éag ná le sruth iad. Inniu labhrann siad le pobal seo ár linne chomh hábalta céanna.’ -Micheál Ó Conghaile

Na hEagarthóirí

Micheál Ó Conghaile:Scríbhneoir cruthaitheach agus foilsitheoir. Bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht sa mbliain 1985. Ball de Aos Dána. Eagarthóir na gcnuasach amhrán Croch Suas É! (1986) agus Up Seanamhach (1990).

Lochlainn Ó Tuairisg: As Cois Fharraige i gConamara. Eagarthóir le Cló Iar-Chonnacht ón mbliain 2005. Taighde déanta aige sa stair agus sa mbéaloideas. Comhúdar an leabhair Tobar an Dúchais: Béaloideas as Conamara agus Corca Dhuibhne (2007).

Peadar Ó Ceannabháin: Amhránaí sean-nóis as Aill na Brón in Iorras Aintheach. Ina chónaí i mBaile Átha Cliath. Léachtóir ollscoile agus eagarthóir an leabhair Éamon a Búrc: Scéalta (1983). Altanna scríofa aige ar an sean-nós. Dlúthdhiosca, Mo Chuid den tSaol (CICD131), eisithe aige.

Léigh sliocht as an leabhar

Meáchan250 g