Maith thú a Mhicí
Is bailiúchán de scéalta eachtraíochta é seo ón scéalaí Micí Sheáin Néill Ó Baoill. Is scéalta iad a hinsíodh cois teallaigh siar na glúnta agus a bhí mar shiamsaíocht agus mar chaitheadh aimseartha ag muintir na Gaeltachta sula raibh raidió nó teilifís ann. Tháinig scoláirí agus bailitheoirí béaloidis as gach cearn le héisteacht le scéalta Mhicí agus is é seo an chéad bailiúchán dá chuid scéalta a foilsíodh. Tá scéalta ann faoi rithe agus faoi laochra, faoi gnáthdhaoine a chas le daoine neamhghnách, faoi bheathaigh allta agus síoga, agus scéalta iad uilig a tháinig ó shamhlaíocht agus ó ghreann na ndaoine. Tá saibhreas sna scéalta ach tá siad furast a rá agus a fhoghlaim mar gur ó bhéal go béal a tháinig siad agus scríobhadh síos iad go díreach mar a dúirt Micí iad. Tá ceisteanna ag deireadh an leabhair a bheadh úsáideach do sheomra ranga agus tá na scéalta iad féin iontach fóirsteanach do chomórtais scéalaíochta. In 1956 a foilsíodh an leabhar seo den chéad uair.
Formáid Clúdach Crua
Foilsitheoir Éabhlóid
Líon Leathanach 144









