Róisín Ní Ghairbhí, Foinse – 22/10/2000
Oiriúnaíonn an meán don teachtaireacht agus éiríonn le Ó Muirthile Gaothán a chur ag feidhmiú mar a bheadh aigne linbh ann ag tabhairt éachtaint as an nua dúinn ar luachanna na sochaí idir mhaith agus olc. Is ait le Gaothán rudaí a bhfuilimid imithe ina seantaithí agus sinn ag glacadh leo faoi mar gur cuid den tsaol ó cheart iad: fuadar gan dealramh, caint san aer agus ionramháil ghlic Bhéarla na meán ag lucht tionscal. Is ait le Gaothán foréigean na ndaoine óga a thugann faoi gan chúis. Táimid bodhar ag tuairiscí nuachta ar an bhforéigean céanna ach, má tá, éiríonn le struchtúr inste an scéil seo éisteacht a thabhairt dár gcluasa seanbhodhraithe arís mar go gcruthaíonn carachtar mealltach Ghaotháin cúiteamh dár gcuimhne leonta .. ag meabhrú dúinn gur ann don soineantacht i gcónaí ainneoin a gcloisimid – nó nach gcloisimid. Teist Bakhtin ar dhea-úrscéal an méid a bhainimid as agus gan é a bheith scríofa ann sa chéad áit, na macallaí a chothaíonn allagar na nguthanna éagsúla sa leabhar trí chéile agus sa mhéid sin comhlíonann Gaothán riachtanais an úrscéil go han-sásúil ar fad. In 1897 iarradh in alt in Irisleabhar na Gaeilge go gcuirfí caighdeán i bhfeidhm sa scríbhneoireacht “to create a literature that will grasp and draw together the now random elements of an Irish reading public “. Más mall is mithid. Is leabhar é Gaothán a bheidh ina eiseamláir don saghas sin litríochta.
Books Ireland – Samhain 2000
Mar is dual do Liam Ó Muirthile, tá insint bheo, shnasta, ar an leathanach agus ar na dioscaí. Is mór an áis don ghlúin atá tógtha le teicneolaíocht an eolais a leithéid seo.