Lia! An Dialann Rúnda
Is déagóir óg álainn í Lia a chónaíonn lena máthair shingil in árasán sa chathair. Tá siad an-mhór lena chéile, ach bíonn máthair Lia gafa leis an ríomhaire i gcónaí – agus ní chasann sí le daoine nua. Nuair a thagann fear breá chun cónaí béal dorais, tapaíonn Lia an deis chun grá geal a aimsiú dá máthair. Ach céard faoi Lia féin? Tá sí an-tógtha leis an mbuachaill dathúil trasna an bhóthair… ach mo léan! Bíonn sé ag piocadh a shróine!
Bronnadh Gradam na nÓg ar údar Lia, Julien Neel, ag Féile Greannán Angoulême 2005 don leabhar seo. Is dialann aoibhinn scéalta do chailíní óga é a léiríonn saol an déagóra mar atá sé – thuas seal thíos seal, lán d’imní is gliondar croí.
Formáid Clúdach bog
Seánra Leabhar grafach
Foilsitheoir (leagan Gaeilge)Dalen Éireann
ISBN 9781913573904
Aois ghrúpa 11 bl +









