Dúchan – Blúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain
An grá, an cogadh, an tsláinte, an aimsir agus an obair – tá trácht orthu sin agus a lán eile in Dúchan, cnuasach de shamplaí foclóireachta a bhreac Máirtín Ó Cadhain sa tréimhse díreach sular foilsíodh a úrscéal, Cré na Cille in 1949. In éineacht leis an eolas ar chiall agus ar úsáid focal, tugtar léiriú suntasach ar shaol na Gaeltachta sna sleachta, mar a chonacthas é do mhórscríbhneoir Gaeilge an 20ú aois.
Ealaín le Seán Ó Flaithearta
Formáid Clúdach bog
Foilsitheoir Acadamh Ríoga na hÉireann
ISBN 9781802050264









