Deoch an Tobair
Ainneoin imeachtaí na staire, tá an Ghaeilge fós á scríobh agus á labhairt go fuinniúil lenár linn féin. Mar sin féin, tá cuid de shaibhreas an traidisiúin ceilte orainn fós sna lámhscríbhinní agus sna seanleabhair a scríobhadh nuair ba shlán do léann agus d’éigse na nGael anallód. Is súmóg agus taoscán as galún mór an léinn sin atá sa leabhar míorúilteach seo, agus deoch mhilis mheisciúil ón seantobar dá réir.
Formáid Clúdach bog
Foilsitheoir Leabhar Breac
ISBN 9781913814625









