Bhí Breandán Ó Madagáin ina Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ó 1975 – 1997. Is mó an méid daoine a thit faoina thionchar i rith an ama sin, agus is saibhre dá bharr a n-eolas agus a dtuiscint ar an Ghaeilge, agus ar na traidisiúin a bhaineann léi, an amhránaíocht go háirithe. Tá an cnuasach aistí seo, óna iarchomhghleacaithe agus iarscoláirí, curtha le chéile in ómós don Ollamh Ó Madagáin. Tá sé ina chomhartha aitheantais agus buíochais acu dó as a shaibhreas a roinnt leo, agus as an obair a rinne sé do léann na Gaeilge.
San fhéilscríbhinn seo tá aistí ó 24 duine, ina measc Gearóid Denvir, Mícheál Mac Craith, Ríonach uí Ógáin agus Cathal Ó Háinle. I measc na n-ábhar a phléitear tá: Traidisiún na hAmhránaíochta agus na Caointeoireachta, An Béaloideas agus Logainmníocht.