Deaideo Craiceáilte agus na Bithiúnaigh

€8.00

Stoc ar fáil

Product ID: 58538 ISBN: 9781784442811 Catagóirí: , , , Clib:

Deaideo Craiceáilte agus na Bithiúnaigh

Oisín McGann

Aistrithe ag Fearghas Mac Lochlainn

Tá rudaí ag dul amú tigh Dheaideo, chuile chineál ruda. Ach cé, nó céard, atá á dtógáil? Ach ansin tagann Learaí agus Deaideo ar na bithiúnaigh ghránna atá ina gcónaí ar chúl an toilg i seomra suite Dheaideo.

Scríbhneoir agus maisitheoir Éireannach é Oisín McGann a scríobhann leabhair i seánraí éagsúla do pháistí agus do dhéagóirí. Scríobhann sé ficsean eolaíochta agus fantaisíochta.

Scríobhann agus maisíonn sé go leor dá chuid leabhar. Scríbhneoir agus maisitheoir Éireannach é Oisín McGann a scríobhann leabhair i seánraí éagsúla do pháistí agus do dhéagóirí.

Scríobhann sé ficsean eolaíochta agus fantaisíochta. Scríobhann agus maisíonn sé go leor dá chuid leabhar. Is iar-mhúinteoir bunscoile é Fearghas Mac Lochlainn atá ina chónaí sa Spidéal i gContae na Gaillimhe.

Tá aithne ar Fhearghas mar chumadóir lúibíní, agallaimh bheirte, agus amhráin. Tá roinnt oibre déanta aige mar mhaisitheoir le ‘Fighting Words Chonamara’ freisin. Tá riar leabhra do pháistí aistrithe go Gaeilge ag Fearghas. Ina measc sin tá cúig cinn den tsraith ‘Dónall Dána’ agus deich gcinn den tsraith ‘O’Brien Flyers’. Ba é Fearghas a rinne eagarthóireacht ar an mbailiúchán agallaimh is lúibíní ‘Comhrá Cosáin’. Tá saothair dá chuid féin scríofa aige freisin. Tá a leabhar Puisín na mBróg ar ghearrliosta Ghradam Leabhar na Bliana do Pháistí de chuid Leabhair Pháistí na hÉireann KPMG 2026.

 

Meáchan101 g
Toisí19.7 × 12.9 cm

Seans gur spéis leat...