Tomás na hOrdóige: Eagrán Nua

€40.00

Stoc ar fáil

Tomás na hOrdóige

Pacáiste Scéalta, Drámaí agus Cluichí do Mhúinteoirí Bunscoile

Ábhar teagaisc praiticiúil agus spraíúil chun Gaeilge a mhúineadh sa bhunscoil trí scéalta, drámaíocht, pictiúir agus puipéid.

NASC: Íoslódáil na póstaeir a théann leis an bpacáiste ag an nasc seo 

Is breá le gach páiste scéal, agus tá an scéalaíocht ar cheann de na straitéisí is éifeachtaí chun teanga a chur i láthair i gcomhthéacs bríomhar agus taitneamhach. Tá béim ar leith curtha ar an scéalaíocht i gCuraclam Teanga na Bunscoile (2019), go háirithe sa Snáithe ‘Teanga Ó Bhéal’.

Trí éisteacht le scéalta agus iad a athinsint, pictiúir a chur in ord, puipéid a úsáid agus páirt a ghlacadh i ndrámaí simplí, tugtar deiseanna do pháistí an Ghaeilge a chloisteáil, a thuiscint agus a úsáid ar bhealach nádúrtha.

Is é sin go díreach a chuireann an pacáiste teagaisc seo ar fáil.

Céard atá sa bPacáiste?

Tá 10 scéal clasaiceach sa gcnuasach, agus gníomhaíochtaí éagsúla a thugann deis do pháistí an Ghaeilge a úsáid trí éisteacht, labhairt, spraoi agus drámaíocht.

Na Scéalta

  1. Cochaillín Dearg
  2. Cinnín Óir agus na Trí Bhéar
  3. An Tornapa Mór
  4. Na Trí Mhuc
  5. An Buachaillín Sinséir
  6. An Chircín Bheag Rua
  7. Tomás na hOrdóige
  8. Luaithríona
  9. Hansel agus Gretel
  10. Jeaic agus an Gas Pónaire

Príomhghnéithe

  • Oiriúnach do pháistí bunscoile, ó na naíonáin ar aghaidh
  • Sé phictiúr A4 lannaithe le gach scéal
  • Dráma gairid simplí le gach scéal
  • Patrúin do mhaisc, do phuipéid láimhe agus do mhéarphuipéid.
  • Gníomhaíochtaí a spreagann éisteacht agus labhairt na Gaeilge
  • Bealach spraíúil chun stór focal agus patrún teanga a chleachtadh
  • Acmhainn phraiticiúil do mhúinteoirí atá ag múineadh Gaeilge sa mbunscoil

Scéalaíocht agus Foghlaim na Gaeilge

Tugann an pacáiste deis do pháistí an Ghaeilge a fhoghlaim trí scéalta a aithníonn na páistí cheana féin. Trí athinsint, pictiúir, puipéid agus drámaíocht, bíonn deis acu an teanga a chloisteáil agus a úsáid arís agus arís eile i gcomhthéacs taitneamhach.

Tá na scéalta agus na gníomhaíochtaí sa phacáiste dírithe freisin ar na chéad chéimeanna i dtreo na léitheoireachta, ag tabhairt blaiseadh do pháistí ar shaol na leabhar, na scéalta agus na teanga scríofa.

Maidir leis an Údar

Is iarléachtóir le Teagasc na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, í Nóirín Ní Nuadháin. Bhíodh sí ag obair le bunmhúinteoirí faoi oiliúint, agus á spreagadh chun scéalta a insint do pháistí mar bhealach éifeachtach leis an nGaeilge a mhúineadh.

Bhí baint aici leis an gCuraclam Gaeilge agus leis na Treoirlínte do Mhúinteoirí Gaeilge (1999) agus tá spéis faoi leith aici i múineadh na Gaeilge sa mbunscoil.

Bíonn sí de shíor ag lorg straitéisí nua agus éagsúla chun cabhrú le múinteoirí an Ghaeilge a mhúineadh agus chun tacú le páistí an teanga a fhoghlaim ar bhealach taitneamhach agus éifeachtach.

Acmhainn Phraiticiúil do Mhúineadh na Gaeilge

Is acmhainn úsáideach é Tomás na hOrdóige do mhúinteoirí bunscoile atá ag iarraidh níos mó scéalaíochta, drámaíochta agus spraoi a thabhairt isteach i gceachtanna Gaeilge. Cuireann sé gníomhaíochtaí simplí, praiticiúla ar fáil a spreagann páistí chun éisteacht leis an nGaeilge, í a thuiscint agus í a úsáid.

Tagairt: Curriculum Online – Uirlisí Úsáide agus Ábhar Tacaíochta (www.curriculumonline.ie).

Meáchan735 g
Toisí29.5 × 21.2 × 1 cm