A Ghormfhlaith, cá bhfuil tú?
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht
ISBN: 9781784442798
Líon leathanach: 64 lch
Praghas: €8
Cumhdach: Bog
Léitheoirí: Páistí 6 – 9 mbliana d’aois
Seánra: Ficsean maisithe do pháistí
Leagan Gaeilge le Fearghas Mac Lochlainn
Scríofa ag Wes Magee
Maisithe ag Margaret Suggs
Tá muintir Uí Mháille agus a gcat, Gormfhlaith, tar éis bogadh isteach i dteach nua, an Seanteach Feirme.
Tá an teach go breá ach tuigeann Siún agus a deartháir óg Seán nach é an baile é.
Ansin téann Gormfhlaith ar iarraidh. Cuardaíonn siad an teach ó bhun go barr, an halla, na seomraí codlata, an t-áiléar dorcha, an scioból féin.
Aimsíonn siad damhán alla agus luch ach níl tásc ná tuairisc ar Ghormfhlaith. Cá ndeachaigh sí?
Múinteoir, scríbhneoir agus file a bhí i Wes Magee a d’fhoilsigh cheithre chnuasach filíochta do dhaoine fásta agus 80 leabhar do léitheoirí óga.
Roghnaíodh díolaim dá shaothar, ‘The Very Best of Wes Magee’, do Ghradam Choice don Children’s Poetry Bookshelf. Bhí a shaothar go minic ar an teilifís agus ar an raidió. Cailleadh é sé sa mbliain 2021.









