An chéad albam ón amhránaí Sean Tyrrell, ón fhidléir Kevin Glackin agus ón bpíobaire Ronan Browne le chéile.
Is dlúthchairde le fada an lá iad Seán, Kevin agus Ronan. Bíonn siad ag seinm agus ag dul ar camchuairt cheoil le chéile ó thús na 1980í. Tá na hamhráin agus na tiúineanna seo taifeadta acu tar éis dá lucht leanúna agus dá gcuid cairde a leithéid a iarraidh orthu le blianta.
Ní nach ionadh, tá an dlúthdhiosca seo dílis don cheol a sheinneann siad sna ceolchoirmeacha – tá idir phíosaí chiúine agus phíosaí spleodracha ann, gan rotháirgeadh a bheith déanta orthu: is é atá le cloisteáil ná ceol agus amhráin atá go deas cairdiúil. Déantar na traiceanna a chomhlánú go hálainn le tionlacan caolchúiseach ó thriúr ceoltóirí den scoth: Fergus Feeley ar an mandóla, Jimmy Fitzgerald ar an ngiotár agus Paul O’Driscoll ar an olldord.