Flaitheas

€16.00

Stoc ar fáil

Product ID: 55806 ISBN: 9781913814342 Category: Clib:

San úrscéal Flaitheas le Proinsias Mac a’ Bhaird insítear scéal Naomh Colmcille ó dhearca nua.

Ógánach é Criomhthann a bhfuil saol an duine uasail i ndán dó. Ach ceistíonn sé an chinniúint sin agus, de bharr thragóid phearsanta, treoraítear é le saol de chineál eile a lorg — agus ní gan stró a thabharfaidh sé faoin aistear nua sin.

Insíonn Flaitheas scéal an duine atá ag iarraidh ciall a bhaint as an saol corrach, scéal an duine ag streachailt leis an gcinniúint, scéal an duine a dhéanann botúin ach atá ar a dhícheall an rud ceart a dhéanamh dó féin agus do na daoine thart air. Scéal gach duine againn.

Tá an leabhar seo ar ghearrliosta do Ghradam Love Leabhar Gaeilge sna An Post Irish Book Awards 2024, urraithe ag Foras na Gaeilge.

Meáchan 380 g
Toisí 21.2 × 15.6 cm