Is múinteoir cruthaitheach í Úna Lawlor. Nascann sí rainn thraidisiúnta le ceol ar bhealach oiriúnach agus tuisceanach do veidhleadóirí óga. This tutor will help beginners of all traditions on their first forays into fiddle playing – a lovely and imaginative piece of work. – Paddy Glackin Bunleabhar é seo atá dírithe ar dhaltaí bunscoile atá ag tosú ar an veidhlín a sheinm. Cuirtear mír theicniúil i láthair ann agus ansin cleachtaítear an mhír i ndíséad leis an gceacht a dhaingniú. Déantar míreanna a léiriú agus a chleachtadh go simplí soiléir nádúrtha ann le hamhráin agus le rabhcáin thraidisiúnta agus le rainn thraidisiúnta a bhfuil ceol oiriúnach curtha leo. Áis chuidiúil shultmhar. Léaráidí taitneamhacha samhlaíocha le Cathy Dineen.
An Veidhleadóir Óg
€7.60
Stoc ar fáil