Gearrliosta ‘Reading Association of Ireland Children’s Book Awards’
Gradam IBBY 2010.
Treasa Ní Bhrua ainmnithe as feabhas an aistriúcháin* Is dual d’Adolf a bheith cúthail agus cónaí air i gcraein. Gach oíche, bíonn macalla á bhaint as an tsráid ag an gceol uaigneach a sheinneann sé ar an bhflúgalchorn agus é i bhfolach go hard san aer. Ach lá amháin, sa scéal laochais seo agus an grá fite tríd, cuireann cat i mbaol agus glantóir darb ainm Ramona cor ina chinniúint. (Aois 8–11) Chruthaigh maisitheoir Poll agus a Mhac (2005) an bunsaothar Ioruaise Høyt Over Husene.