Ní Mise agus Drámaí Eile
Eispéireas spéisiúil drámaíochta atá sna trí dhráma seo le Samuel Beckett a insítear trí ghuthanna na mban: Coiscéimeanna, Luascaire, agus Ní Mise. Ach tá siad fréamhaithe i nGaeilge anseo. Déantar fiosrúchán iontu ar chaidrimh agus ar thráma a raibh tionchar ag an stair orthu agus léirítear tríd an teaghlach. Tugann an taistriúchán tumthach seo go Ghaeilge deis annamh taithí a fháil ar na saothair seo ar shlí nach bhfuarthas riamh cheana.
Drámadóir, file, úrscéalaí agus gearrscéalaí ab ea Samuel Beckett (1906-1989) a rugadh i mBaile Átha Cliath ach a chaith formhór a shaoil i bPáras. Scríobh sé i mBéarla agus i bhFraincis. Stiúraigh sé drámaí freisin chomh maith le bheith ina aistritheoir. Tá cáil faoi leith ar a dhráma, Waiting for Godot. Bhí sé ina bhall d’Aosdána agus bronnadh an duais Nobel sa litríocht air sa mbliain 1969.
Scríbhneoir aitheanta as Conamara é Micheál Ó Conghaile agus is é freisin a bhunaigh Cló Iar-Chonnacht sa mbliain 1985. Tá drámaí le Martin McDonagh agus Jimmy Murphy aistrithe go Gaeilge aige chomh maith le Rogha Scéalta Liam Uí Fhlaithearta. Sé An Bhlaosc sa mBois an saothar ficsin is deireanaí uaidh féin agus d’fhoilsigh Arlen House dráma dá chuid cheana, The Connemara Five agus Laethanta Sona an t-aistriúchán a rinne sé ar dhráma eile de chuid Beckett, Happy Days. Tá sé ina bhall d’Aosdána.









