Mar a bhí ar dtús
Joe Steve Ó Neachtain
Cuimhní cinn ar scéal a tharla i rith a óige le duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge ár linne
“Oiread is fad méire de mo bheathaisnéis fhéin ní raibh i gceist agam a lua sa leabhar seo ach na heachtraí a bhain le muintir Chóil Ruaidí, dream a raibh mé mar chomharsa béal dorais acu ón lá ar caitheadh ar an sop mé, scéal Phádraic Chóil go háirithe. Ach ní féidir liom a shéanadh nach bfhuil mé páirteach sa scéal.
Mar sin fhéin, is é cion Pháidín den mheacan mo chionsa i gcomórtas leis an bpobal daoine a d’fhág lorg a mbéil le huachta againn. Gan aon athrú curtha ar a gcuid dea-chainte ach go díreach mar a tháinig na focla amach as a mbéal.” – Joe Steve Ó Neachtain, ó chúl an leabhair.





