Sladmhargadh!

Liodán na hAbhann

Dráma faoi aistear dobróin agus téarnaimh spioradálta ag deartháir agus deirfiúr.

4.40

Stoc ar fáil

Aistear dobróin agus téarnaimh spioradálta ag deartháir agus deirfiúr atá sa dráma seo. Tagann siad le chéile bliain tar éis bhás a ndearthár. Léirigh Amharclann de hÍde é, Nollaig 1999.

Meáchan 250 g
Leathanaigh

42

Foilsithe

1999

The Irish Times – 20 Eanáir 2000

Seo an leabhar is déanaí sa sraith drámaí atá á foilsiú ag Cois Life le bliain nó dhó anuas. Is sraith í seo ina gcuirtear drámaí nua ar fáil i bhfoirm leabhair in am don chéad léiriú agus díoltar iad leis an lucht féachana. Feidhmíonn na leabhair mar chlár do na drámaí chomh maith. Mar sin de, bíonn nótaí istigh anseo ar na haisteoirí agus lucht léirithe an dráma mar aon le téacs an dráma féin. Is dócha go bhfuil na foilsitheoirí ag dúil go n-imeoidh an lucht féachana abhaile agus go ndéanfaidh siad an dráma a léamh arís…. …Tá an dráma seo suite ar bhruach abhann ar imeall cathrach, áit a bhfuil Declan agus Carmel, deartháir agus deirfiúr, tagtha chun ceiliúradh a dhéanamh ar dheartháir leo a chaith é féin san abhann, bliain roimhe sin. Is saghas searmanais an rud atá ar bun acu, rud a bhfuil an mhistéir agus an draíocht ag baint leis. Ansin castar Fear na hAbhann orthu agus tagann siad i dtuiscínt orthu féin agus ar shaol an dearthár…