Tuigeann sé an spioradáltacht áirithe a bhain leis na Ceiltigh sular iompaíodar ar an gCríostaíocht chomh réidh is a dhein ar mhodh a thabharfadh le tuiscint dúinn gur sa treo sin a bhíodar ag dul nuair a sheol Dia Pádraig chucu leis an dea-scéal. Ina theannta sin tá lear mór paidreacha ann nárbh aon dochar iad a chur in athúsáid san Eaglais ar ócáidí cuí. – M.F. Ó Conchúir