Carachtar éachtach í an Trodaí – alter ego gach mná gur mithid di an fód a sheasamh. Níl aon oidhre eile uirthi ach na gaiscígh mhná sna scannáin Shíneacha, a ritheann go hingearach suas fallaí agus a throideann go fíochmhar ar dhíonta na dtithe agus ar bharraíocha na gcrann. Bean is ea í gur nós agus gur béas aici a bheith ar an imeall, ag siúl ar fhéar faille, ag féachaint síos i nduibheagán an aigéin mhóir. Duibheagán inmheánach atá i gceist chomh maith le ceann seachtrach. Mar sin féin, pé samhailteacha scanrúla, sinseartha agus muinteartha a chíonn sí sa duibheagán céanna, ní scanraíonn sí. Bhí leithéid seo an Trodaí de dhíth orainn le fada i saol na Gaeilge. Gura fada buan céad chnuasach filíochta Dairena Ní Chinnéide, ar a son féin agus ar son scríbhneoirí ban uile na Gaeilge.
–Nuala Ní Dhomhnaill
Is í an Trodaí príomhcharachtar an chnuasaigh seo, bean atá ‘lán de laigeacht agus fíochmhaireacht in aon turas’. Bean í a shantaíonn an grá ach atá mímhuiníneach; bean í atá dúshlánach ach atá ag iarraidh go dtuigfear í; bean nua-aimseartha í a thuigeann tábhacht an traidisiúin.
Tá aithne ar Dhairena go forleathan as a cuid oibre le Raidió na Gaeltachta. Tá neart tagairtí sa chnuasach seo dá ceantar dúchais i gCiarraí; luaitear go háirithe an Blascaod Mór agus Corca Dhuibhne.