An Seol atá Fút

8.00

Stoc ar fáil

Product ID: 62079 ISBN: 9781784442767 Catagóirí: , , , Clib:

An Seol atá Fút 

Úrscéal corraitheach do dhéagóirí le téama seoltóireachta agus LADTA+.

Buileann Ríona le Mealla ag campa samhraidh seoltóireachta agus bíonn seachtain iontach acu le chéile amuigh ar an bhfarraige. Níl taithí ar bith ag Ríona ar an tseoltóireacht agus níl mórán airgid ag a máthair chun íoc as níos mó na campa seachtaine amháin. Ní mar sin atá cúrsaí ag a cara nua, Mealla. Tá an-chuid taithí aici siúd, agus tá bád ag a muintir. Ach tá fadhbanna aici sa bhaile agus fadhbanna eile aici leis na traenálaithe.

Ní hamháin sin ach aithníonn Ríona laithreach go bhfuil roinnt seoltóirí eile ag cur isteach ar Mhealla, agus is gearr go mbíonn siad ag bagairt uirthise. Agus bíonn baol agus dainséar ann ón bhfarraige freisin. Bíonn ar na cailíní dul i ngleic leis an dainséar agus leis an mbagairt, fad is atá caidreamh nua ag fás eatarthu.

An mbeidh na scileanna acu chun iad féin agus daoine eile a shábháil ón gcontúirt? Agus cad faoin gcaidreamh nua seo – an bhfuil an tsuim chéanna acu ina chéile? An dlúthchairdeas é seo nó grá?

Bhain an t-úrscéal seo amach an chéad duais i gcomórtas A3 Ficsean do Dhéagóirí 13–15 i gComórtais Liteartha an Oireachtais.

Meáchan 180 g
Toisí 19.8 × 12.7 cm

Seans gur spéis leat...