Grafaic de chlúdach an leabhair 'Oiread na Fríde' le Jackie Mac Donncha agus an téacs 'Úrscéal nua do dhéagóirí'.
Baintreach í Áine a bhí pósta ar Bhrian agus beirt pháistí acu, Naoise agus Aoife. Ina gcónaí leo tá máthair Bhriain, Peige.

Tá caidreamh tosaithe ag Áine le fear nua, Gearóid, agus tá sí ag iarraidh go gcuirfeadh a clann aithne air. Fear ard, dea-dhéanta, slachtmhar, saibhir é a dhíolann carranna mar shlí bheatha, ach tá rud amháin cinnte: ní mó ná tógtha atá an gadhar, Leo, leis. Drochthuar dar leis na páistí.

Agus tá fear eile ann a bhfuil súil aige ar Áine, duine de na comharsana, Liam. An bhfuil na fir san iomaíocht lena chéile?

Nuair a buaileann carr faoi Leo bocht, tosaíonn na ceisteanna – an d’aon turas a rinneadh é?

Tá Áine ag mothú ciontach faoi chaidreamh de chineál ar bith a thosú le fear eile fiú agus a fear céile féin a bheith faoin bhfód le fada. Tá sé seo uilig ag tarlú agus Covid-19 ag déanamh a bhealaigh go rábach ó cheann ceann na tíre.

File agus úrscéalaí bisiúil as Cill Chiaráin i gConamara, Co. na Gaillimhe is ea Jackie Mac Donncha a bhfuil go leor gradam bronnta air as a shaothar.

San áireamh ina chuid foilseacháin, tá; rogha saothar i RÉALTA (RTÉ RnaG, 1996), cnuasach filíochta, GAINEAMH SÉIDTE, (CIC 2003), gearrscéalta BRÓGA JOHNNY THOMÁIS (CIC 2013) agus na húrscéalta AILEACH (CIC 2010), agus AN MIANADÓIR (CIC 2015).

Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

ISBN: 9781784442439
Líon leathanach: 88 lch
Praghas: €10
Cumhdach: Bog
Spriocmhargadh: Déagóirí
Seánra: Ficsean ginearálta
Dáta Foilsithe: Nollaig 2023

10.00

Seoladh Leabhair

Tigh Mholly, Indreabhán, 14 Feabhra, 2024.

Ba mhór ag Cló Iar-Chonnacht, i gcomhar le Club Leabhar Chois Fharraige, thú a bheith i láthair nuair a sheolfaidh Gormfhlaith Ní Thuairisg an t-úrscéal

Oiread na Fríde

Jackie Mac Donncha

I dTigh Mholly, Indreabhán, Conamara

Dé Céadaoin, 14 Feabhra ag 8:00 i.n.

0
Cló Iar-Chonnacht