Úrscéal nua le hÉilís Ní Dhuibhne 23 Meán Fómhair 2015 – Posted in: Gan chatagóir

Agus an ceathrú Mórshiúl Bliantúil ar son Rogha ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo chugainn, 26 Meán Fómhair, is tráthúil an t-úrscéal nua seo le hÉilís Ní Dhuibhne, Aisling nó Iníon A, a thosnaíonn le heitilt an uaignis thall go Sasana. Seo scéal Aisling, déagóir a tógadh i dteaghlach an-choimeádach, gustalach, i gCluain Tarbh. Cuireann sí in aghaidh a máthair, ag caitheamh éadaí garbha agus í amach ar phléaráca, ach ní uirthi an locht nuair a tharlaíonn an tubaiste…

Blaiseadh pinn:

Chomh maith leis sin, tá iontas ag baint le bheith in eitleán. Fiú amháin sa lá atá inniu ann, braitheann tú go bhfuil draíocht éigin ar siúl agus tú ag taisteal go tapa os cionn dhromchla an domhain. Is mar sin a bhraitheadh Aisling i gcónaí agus í ag eitilt.

Go dtí anois. An mhaidin áirithe earraigh seo.

Ní mar a chéile aon dá thuras.

‘’Bhfuil tú ceart go leor anois, a chroí?’

Labhair an t-aeróstach go cineálta ach scrúdaigh sí Aisling go fiosrach. Sliseog girsí, gan inti ach cipín, súile móra scanraithe ina haghaidh mhílítheach.

Thuig sí an scéal.

Ar ndóigh. Conas nach dtuigfeadh? Ní inniu ná inné a thosaigh sí ag obair ar an eitleán seo – aeróstach a raibh taithí na mblianta aici. Ba shine í ná máthair Aisling.

Mhothaigh Aisling tinn. Tinn tinn.

« Gradam Leabhar Leanaí Chumann Litearthachta na hÉireann do ‘Daideo’
Bailiúchán nua scéalta »