Rugadh agus tógadh Réaltán Ní Leannáin i mBéal Feirste. Chónaigh sí agus d’oibrigh sí in go leor áiteanna ar fud na hÉireann agus na Spáinne thar na blianta. Cuireann sí an-suim i dteangacha agus i gcultúr na Spáinne, agus caitheann sí i bhfad barraíocht ama ar Twitter. Tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois.
Bíodh is gur ficsean atá san úrscéal Cití na gCártaí, tá an scéal fréamhaithe i gcuimhní mhuintir Réaltáin. Liostáil seanathair léi in Arm Shasana in 1914 le troid sa Chéad Chogadh Domhanda. Chaith sé an chuid is mó den chogadh sin ar oileán Mhálta, áit a ndearna sé cleamhnas le bean óg ón oileán: máthair mhór Réaltáin. Lán dóchais agus í breá cróga, d’fhág sí a baile ar an oileán – an ghrian, na crainn liomóide, an aolchloch ghriandóite – agus tháinig sí go Béal Feirste a luaithe is a bhí an cogadh thart. Seans go raibh sí ag súil leis an fhuacht, leis an spéir liath, agus leis an fhearthainn, ach bhí gnéithe eile den tsaol i mBéal Feirste sna blianta achrannacha sin a lean 1918 nach raibh sí ag súil leo…
Taifead ar athrú suntasach i saol an údair é an chéad shaothar i gcló aici, Turas Ailse (Coiscéim, 2011). I ndiaidh na mblianta ag teagasc agus ag léachtóireacht i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste, bhí ar Réaltán dul i ngleic leis an ailse agus lena cóir leighis. Mar thoradh air sin, bhí uirthi an seomra ranga a fhágáil ar leataobh. Líon ceird na scríbhneoireachta an bhearna.
Foilsíodh cnuasach gearrscéalta léi ina dhiaidh sin, agus Dílis an teideal atá air (Cló Iar-Chonnacht, 2015). Tá scéalta Dílis fréamhaithe in óige an údair, i mBéal Feirste le linn na dTrioblóidí sna 1970idí.
Is í Réaltán Scríbhneoir Cónaithe 2019 in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
I dteannta na leabhar foilsithe, tá ábhair ar line ag Réaltán agus tá sonraí mar gheall orthu sin le fáil ar a blag: http://turasailse.blogspot.com/