Ciseán 0

Maolmhaodhóg Ó Ruairc 5 Márta 2017

Rugadh Maolmhaodhóg Ó Ruairc i Ros Liath, Co. Fhear Manach sa bhliain 1941. Fuair sé a chuid bunoideachais i Scoil Naomh Tiarnach agus a chuid meánoideachais i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha. Bhain sé BA sa Fhraincis agus sa Ghaeilge amach ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Maigh Nuad agus fuair sé Máistreacht sa Fhraincis ón ollscoil chéanna tar éis bliain a chaitheamh ar staidéar iarchéime in Université de Grenoble.

Léigh tuilleadh
Léigh tuilleadh...

Con Ó Ruairc

Rugadh Con Ó Ruairc i mBaile Átha Cliath agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Mhuire, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (BAgrSc, MAgrSc) agus Ollscoil Cornell, Nua-Eabhrac (PhD). Chaith sé 40 bliain ag obair le Teagasc mar luibheolaí, mar eagarthóir ar fhoilseacháin eolaíochta agus mar phleanálaí taighde.

Léigh tuilleadh
Léigh tuilleadh...

Brian Ó Raghallaigh

Léachtóir é an Dr Brian Ó Raghallaigh in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil bainistiú agus forbairt theicniúil na dtionscadal ainm.ie, dúchas.ie, gaois.ie, logainm.ie agus téarma.ie faoina chúram aige. Roimhe sin, bhí sé ag obair ar thionscadal sintéise Gaeilge abair.ie i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Léigh tuilleadh

Liam Ó Muirthile

Rugadh Liam Ó Muirthile i gCathair Chorcaí in 1950, an chéad duine de naonúr clainne. D’fhreastail sé ar Chlochar na Toirbhearta, Scoil Chríost Rí agus Choláiste Chríost Rí. Chuaigh sé chun na hollscoile i gCorcaigh, ar scoláireacht ón mBardas sa bhliain 1968, agus bhain sé Céim BA amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis.

Léigh tuilleadh

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Is as Rath Caola in iarthar Luimní do Sheán Tadhg Ó Gairbhí. Tá céim aige sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ó Choláiste na hOllscoile Éireann Gaillimh. D’oibrigh sé mar iriseoir leis an nuachtán Foinse ó 2000 go dtí 2009 agus bhí sé mar eagarthóir ar an nuachtán sin ó 2003 go 2009.

Léigh tuilleadh
0
Cló Iar-Chonnacht