Ciseán 0
Léigh tuilleadh...

Máire Zepf 5 Márta 2017

Foilsíodh céad leabhar Mháire, Tubaiste ar an Titanic (Cló Mhaigh Eo) sa bhliain 2012. Ainmníodh é do Ghradam Leabhar na Bliana sa bhliain chéanna. Tá Lá Leis na Lochlannaigh (Cois Life, 2016) mar scéal leanúnach don bheirt phríomh-charachtar, Cormac agus Brídín, agus iad ag plé le heachtra nua stairiúil.

Léigh tuilleadh
Léigh tuilleadh...

Rhiannon Watson

Rugadh Rhiannon Watson i 1977 i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil sí féin ina cónaí lena ceathrar páistí. Tá siad á dtógáil trí Ghaeilge agus tá Rhiannon lán-ghníomhach i dtionscnaimh oideachais trí mheán na Gaeilge. Tá suim ar leith aici sna healaíona ó bhí sí an-óg, tráth a chaitheadh sí na huaireanta ag scríobh ficsin.

Léigh tuilleadh
Léigh tuilleadh...

Aoife Valley

Rugadh Aoife Valley i dTuaisceart Éireann in 1976. Tógadh í idir na tailte portaigh cois Loch nEathach i dTír Eoghain agus limistéar uirbeach Craigavon in Ard Mhacha. Rinne sí staidéar ar na Mínealaíona i Sasana agus i mBaile Átha Cliath agus chaith sí roinnt blianta ag obair i mbun na n-ealaíon pobail. Tá Aoife Valley lonnaithe i gCo Dhún na nGall ó 2001.

Léigh tuilleadh
Léigh tuilleadh...

Regina Uí Chollatáin

Is as Leitir Ceanainn i dTír Chonaill Regina Uí Chollatáin ó dhúchas. Bhain sí a céim PhD amach in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, faoi scoláireacht IRCHSS agus ghnóthaigh sí Comhaltacht Iar-Dhochtúra Ollscoil Náisiúnta na hÉireann i Léann na Gaeilge agus an Léann Ceilteach in 2003.

Léigh tuilleadh
Léigh tuilleadh...

Alan Titley

Rugadh Alan Titley i gcathair Chorcaí in 1947. D’fhreastail sé ar Choláiste Chríost Rí, Corcaigh; ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath; agus ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Is iad an Ghaeilge, an Fhealsúnacht agus an Béarla na hábhair a ndearna sé staidéar orthu. Bhí sé ina léachtóir le hOideachas agus le Stair i gColáiste Oiliúna Mount Carmel sa Nigéir ó 1967 go 1969, am ar éirigh leis mórán taistil a dhéanamh ar fud na hAfraice.

Léigh tuilleadh
0
Cló Iar-Chonnacht