Ciseán 0

Orna Ní Choileáin

Is as Iarthar Chorcaí do mhuintir Orna Ní Choileáin. Tá duaiseanna sa phrós cruthaitheach, san fhilíocht, sa drámaíocht agus sa ghearrscéalaíocht gnóthaithe aici ag an Oireachtas agus ag féilte Gaelacha eile. Scríobhann sí i mBéarla freisin agus bronnadh duais náisiúnta An Post uirthi.

Tá mórshuim ag Orna sa cheol Gaelach freisin. Bhuaigh sí duaiseanna i gcomórtais ardáin an Oireachtais (Feis Mhaitiú agus an Fheis Cheoil) agus bronnadh ard-ghradam na mbuaiteoirí Máirtín Uí Dhiomsaigh uirthi. Tá Órghradam an Uachtaráin bainte amach aici chomh maith. Roghnaíodh í chun taispeántais a dhéanamh do Gaisce, Ghradam an Uachtaráin agus ag searmanais bhronnta idirnáisiúnta i gCeanada agus arís in Hong Kong ina dhiaidh sin, áit a raibh lucht éisteachta idirnáisiúnta aici, agus ceannairí ríoga ina measc, agus í i mbun cainte agus amhránaíochta. Is maith léi mianach na scéalaíochta sna hamhráin agus ba é sin a ghríosaigh chun pinn í.

Cé nach raibh an Ghaeilge ag an dá ghlúin a chuaigh roimpi, tá Orna iontach bródúil an deis a bheith aici an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá dhá chnuasach gearrscéalta léi foilsithe go dáta – Canary wharf (2009) agus Sciorrann an tAm (2014). Bhí Sciorrann an tAm ar an ngearrliosta do Leabhar na Bliana, Gradam Uí Shúilleabháin in 2014.

Foilsíodh an ceathrú húrscéal aici sa tsraith vaimpírí do dhaoine óga, Greim na vaimpíre, in 2017. Leanann sé eachtraí nua Ailfí agus a chara Marius, ar cuireadh tús leo in Ailfí agus an vaimpír (2012). Ainmníodh Ailfí agus an vaimpír agus an chéad leabhar eile sa tsraith, Vaimpír san áiléar (2013), le haghaidh Ghradam Réics Carló in 2012 agus 2013 faoi seach.

Nuashonraithe Meitheamh 2017

Leabhair do Dhaoine Óga

Spéirling (Cois Life, 2019)
Greim na vaimpíre
(Cois Life, 2017)
Morf
(An Gúm, 2016)
I measc vaimpírí
(Cois Life, 2015)
Vaimpír san áiléar (Cois Life, 2013)
Ailfí agus an vaimpír (Cois Life, 2012)

Gearrscéalta

Canary wharf (Cois Life, 2009)
Sciorrann an tam (Cois Life, 2014)

Leabhair d’fhoghlaimeoirí

Bóthar na Rós (LeabhairCOMHAR, 2015)

Orna Ní Choileáin ag Cois Life

0
Cló Iar-Chonnacht