Ciseán 0

Olivia Golden

Is maisitheoir í Olivia Golden agus tá níos mó ná 22 leabhar do pháistí maisithe aici, mar aon le clúdaigh agus leabhair do dhaoine fásta.

Cuireadh a cuid saothar ar taispeáint mar chuid den taispeántas Pictiúr a bhí eagraithe ag Laureat na nÓg, Niamh Sharkey. Cuireadh an taispeántas ar bun chun scoth na maisiúchán i leabhair do pháistí a chur os comhair an phobail.

I measc na n-áiteanna inar taispeánadh a cuid ealaíne tá: an Guinness Storehouse, United Arts Club, Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann, Copper House Gallery, an Monster Truck Gallery, Visual Carlow, Grand Opera House Belfast, Cumann Ealaíona na Gaillimhe, Foirgnimh Stormont i mBéal Feirste agus IMMA.  Ar an staid idirnáisiúnta tá taispeántais curtha ar siúl aici in Palais Auersperg Vienna, ag Féile Leabhar Bologna, i bhfoirgneamh Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil agus in Insitiúid Leuven d’Éirinn san Eoraip.

Tá forbairt tagtha ar a modhanna oibre thar na blianta, agus í ag baint úsáid as stíl chomhaimseartha. Tá tionchar na péintéireachta agus na priontaíochta traidisiúnta le feiceáil ina cuid oibre. Bíonn sí ar a compord ag obair le seanmhodhanna maisiúcháin agus le modhanna úra digiteacha.

Is é croílár stíl Olivia ná an uigeacht agus an chodarsnacht measctha le híomhánna simplí.

Saothair Cois Life maisithe ag Olivia Golden

Cillian ag comhaireamh (Cois Life, 2017)

Hata zú Mhamó (Cois Life, 2016)

Séanna (Cois Life, 2016)

Lá leis na Lochlannaigh (Cois Life, 2016)

Aois fir (Cois Life, 2015)

An dragan feasa (Cois Life, 2011)

Cén t-am é? (Cois Life, 2009)

Madra meabhrach (Cois Life, 2007)

Dánta déanta (Cois Life, 2006)

An Seileitleán agus véarsaí seilí eilí (Cois Life, 2004)

Gaothán (Cois Life, 2000)

 

0
Cló Iar-Chonnacht