Is as Ráth Fearnáin i mBaile Átha Cliath í Fionnuala. D’fhreastail sí ar Choláiste na Tríonóide ó 1995-1999 agus rinne sí céim sa Bhéarla agus sa Nua-Ghaeilge. Bhain sí céim MA amach i Staidéar an Aistriúcháin in DCU in 2006.
D’fhoilsigh Cois Life leabhar thráth na gceist do dhéagóirí óga léi dar teideal Ceist agam ort in 2008 le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Bhí sí mar chomhúdar ar Téarmaíocht don Aontas Eorpach: taithí na hÉireann – tionscadal GA IATE (Cló Iar-Chonnacht, 2013) agus í ar fhoireann Fiontar. Chaith sí trí bliana mar Oifigeach Foilsitheoireachta le Cois Life. Tá a dara saothar aici i réimse thráth na gceist, Ceist eile agam ort! (Cois Life, 2015) ar fáil freisin. Tá cónaí uirthi i dTír an Iúir i mBaile Átha Cliath.
Nuashonraithe Meitheamh 2017