Rugadh Éilís Ní Dhuibhne sa bhliain 1954 i mBaile Átha Cliath. Rinne sí BA sa Bhéarla agus MA i Léann na Meánaoise i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhuaigh sí scoláireacht bhéaloidis go dtí an Danmhairg (University of Copenhagen) agus bhain sí PhD amach sa Bhéaloideas in 1982.
Úrscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir sa Bhéarla agus sa Ghaeilge is ea í. Toghadh Éilís Ní Dhuibhne ina ball den Aosdána in 2003. D’fhoilsigh Cois Life dhá dhráma léi Milseog an tsamhraidh agus Dún na mban trí thine in 1998. Drámaí eile le hÉilís is ea The nettle spinner (taibhithe in Amharclann na Péacóige, Baile Átha Cliath; 1998) agus na drámaí don raidió, Casadh an Taperecorder agus Bábóga. Tá gradaim iomadúla buaite aici, ina measc tá The Stewart Parker Award agusThe Bisto Book of the Year Award chomh maith le sparánachtaí ón gComhairle Ealaíon in 1986 agus 1998. Ainmníodh a saothar, The dancers dancing (Blackstaff Press/Headline, 2000) ar ghearrliosta The Orange Prize for Fiction, 2000. Bhuaigh sí duaiseanna Oireachtais dá húrscéalta, Dúnmharú sa Daingean (Cois Life, 2000), Hurlamaboc (Cois Life, 2006) agus Dún an airgid (Cois Life, 2008) in 2000, 2006 agus 2008 faoi seach. Ainmníodh Hurlamaboc in 2007 do ghradam IBBY (International Board on Books for Young People). Ainmníodh Hurlamaboc agus Dún an airgid ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin. Foilsíodh Dordán (Cois Life,)– úrscéal spleodrach faoi na fadhbanna a bhaineann le bheith i do dhéagóir sa lá atá inniu ann– in 2011. Sa bhliain 2015, d’fhoilsigh Cois Life an t-úrscéal, Aisling Nó Iníon A.
Tá aistriúcháin dá cuid saothair ar fáil sa Ghearmáinis, sa Fhraincis, san Ollanais, sa Danmhairgis, sa Rúisis, sa tSlóivéinis, sa tSeapáinis agus i dteangacha eile nach iad. Chaith sí blianta fada ina leabharlannaí i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus tá sí ag múineadh ar an M.A. sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath faoi láthair.
Tuilleadh eolais ar fáil uirthi anseo.
Nuashonraithe Meitheamh 2017
Dún an airgid (Cois Life, 2008)
Fox, swallow, scarecrow (Blackstaff Press, 2007)
Cailíní beaga Ghleann na mBláth (Cois Life,2003)
Dúnmharú sa Daingean (Cois Life, 2000)
The dancers dancing (Blackstaff Press/Headline, 2000)
Singles (Basement Press, 1994) (Elizabeth O’Hara)
The Bray house (Attic Press, 1990)
Milseog an tsamhraidh agus dún na mban trí thine (Cois Life, 1998)
The nettle spinner (Taibhithe in Amharclann na Péacóige, 1998)
Midwife to the fairies (Attic Press, 2003)
The pale gold of Alaska (Blackstaff Press/Headline, 2000)
The inland ice and other stories (Blackstaff Press, 1997)
Eating women is not recommended (Attic Press, 1992)
Blood and water [and other stories] (Attic Press, 1988)
Aisling nó iníon A (Cois Life, 2015)
Snobs, dogs and scobies (Little Island, 2012)
Dordán (Cois Life, 2011)
Hurlamaboc (Cois Life, 2006)
The sparkling rain (Poolbeg, 2003)
Penny-farthing Sally (Poolbeg, 1996)
Blackberry Sunday (Poolbeg, 1994)
The hiring fair (Poolbeg, 1993)
The uncommon cormorant (Poolbeg, 1990)
WB Yeats. Works and days (National Library of Ireland, 2006)
Northern lights, a festschrift for Bo Almqvist (UCD Press, 2001) [i gcomhar le Séamas Ó Catháin]
Voices on the wind, women poets of the Celtic twilight (New Island Books, 1995)
Viking Ale, festscrift for Prof. Bo Almqvist (Boethius Press, 1991) [i gcomhar le Séamas Ó Catháin]