Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn. Tá céim BA (Gaeilge & Béarla) agus ATO aici ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; Dioplóma san Iriseoireacht ó Choláiste Iriseoireachta, Londain agus MA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach ó Ollscoil Lancaster.
Tá dhá leabhar is fiche scríofa aici – ceithre chnuasach filíochta agus ocht leabhar déag do dhéagóirí agus do léitheoirí óga.
Chaith sí roinnt blianta mar mhúinteoir meánscoile ach d’éirigh sí as le bheith ina hiriseoir le RTÉ agus Raidió na Gaeltachta. D’oibrigh sí ar chláir chúrsaí reatha agus irischláir ach ba iad an dá chlár ba mhó ar bhain sí sult astu ná na cláir ealaíne, Leabhragán agus Ar an ardán ar Raidió na Gaeltachta. Chaith sí seal freisin ag plé le saor-iriseoireacht i Londain agus in Éirinn agus chloistí a guth go minic ar It says in the papers ar RTÉ Radio agus Raidió na Gaeltachta.
D’fhág sí Raidió na Gaeltachta le cúpla bliain a chaitheamh ag léachtóireacht in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Theastaigh uaithi níos mó ama a chaitheamh ag scríobh, áfach, agus thosaigh sí ag obair go lánaimseartha ar leabhair do pháistí agus ar scripteanna do Ros na Rún, TG4.
Roinneann sí a cuid ama idir scríbhneoireacht, léachtóireacht i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann i mBaile Átha Cliath agus ceardlanna scríbhneoireachta i ngaelscoileanna faoi láthair.
Tá go leor gradaim buaite aici dá saothar. Bhuaigh an leabhar, Céard ‘tá sa bhosca? (An Gúm, 2002) Gradam Chlann Lir sa bhliain 2003. Bhuaigh sí Duais na Gaeilge ag féile filíochta Bhaile na mBuillí, sa bhliain 2003; Duais na Gaeilge ag Comórtas Filíochta Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin in 2003; chomh maith le Gradam Fhoras na Gaeilge ag Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail in 2002. Bronnadh duais Oireachtais (2005) uirthi don leabhar, Fuadach (Cois Life, 2005) agus bronnadh duaiseanna Oireachtais (2009) eile uirthi do na leabhair, Tromluí (Cois Life, 2009) agus Úbalonga (An Gúm, 2009).
Ainmníodh Brionglóidí & aistir eile (Cló Mhaigh Eo, 2008) ar ghearrliosta Bisto 2009 agus bronnadh gradam IBBY uirthi dó in 2010. In 2012 bhuaigh sí duais Oireachtais le haghaidh dráma do pháistí agus bronnadh duais Oireachtais eile (2013) ar a saothar is déanaí freisin, Daideo (Cois Life, 2014), úrscéal do dhéagóirí óga. Bhuaigh an leabhar céanna Gradam Réics Carló, Leabhar na Bliana, 2014. Bronnadh Gradam Réics Carló uirthi arís cúpla bliain ina dhiaidh sin dá húrscéal Hata zú Mhamó (Cois Life, 2016).
D’eisigh LeabhairCOMHAR cnuasach athinsintí ar scéalta na cruinne in 2018, is é sin Fadó Riamh… Ag an tús. Bhuaigh an scéal ‘Boscadán’ duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2017 agus sa bhliain 2019 d’fhoilsigh Cois Life leabhar bunaithe ar an scéal sin.
Nuashonraithe Meitheamh 2019
An Guth Baineann (LeabhairCOMHAR, 2014)
Tostanna (Coiscéim, 2006)
Deora nár caoineadh/ Unshed tears (Dedalus/Coiscéim, 1996)
An chéim bhriste(Coiscéim, 1984)
Gairdín pharthais (Coiscéim, 1988)
Boscadán (Cois Life, 2016)
Hata zú Mhamó (Cois Life, 2016)
Daideo (Cois Life, 2014)
Thar an trasnán (O’Brien Press, 2011)
Bronntanais agus féiríní (Cló Mhaigh Eo, 2010)
Úbalonga (An Gúm, 2009)
Tromluí (Cois Life, 2009)
Brionglóidí agus aistir eile (Cló Mhaigh Eo, 2008)
Madra meabhrach (Cois Life, 2007)
Éasca péasca (O’Brien Press, 2007)
An múinteoir nua (Séideán Sí, 2007)
Fuadach (Cois Life, 2005)
Lámhainní glasa (O’Brien Press, 2004)
Cuairteoir (Cois Life, 2004)
Glantachán earraigh (An Gúm 2003)
Moncaí dána (O’Brien Press, 2002)
Céard tá sa bhosca? (An Gúm 2002)
Daifní dineasár (O’Brien Press, 2001)
An leaba sciathánach (An Gúm, 2001)
Daoine agus déithe (An Gúm, 1996)
Mná as an ngnáth (An Gúm, 1990)
Duanaire na camóige: dánta le daltaí ó Rang 4,5,6, Gaelscoil na Camóige (Coiscéim, 2006)
Duanaire naithí: dánta le daltaí ó Rang 4,5,6, Scoil Naithí (Coiscéim, 2005)