Ciseán 0
Léigh tuilleadh...

Réaltán Ní Leannáin 18 Meitheamh 2019

Rugadh agus tógadh Réaltán Ní Leannáin i mBéal Feirste. Chónaigh sí agus d’oibrigh sí in go leor áiteanna ar fud na hÉireann agus na Spáinne thar na blianta. Cuireann sí an-suim i dteangacha agus i gcultúr na Spáinne, agus caitheann sí i bhfad barraíocht ama ar Twitter. Tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois.

Léigh tuilleadh
Léigh tuilleadh...

Jo O’Donoghue 4 July 2017

Rugadh Jo O’Donoghue in aice le Cill Airne i gContae Chiarraí agus cuireadh oideachas uirthi i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus i gColáiste na Tríonóide. Tá cónaí uirthi anois i mBaile Átha Cliath.

Léigh tuilleadh
Léigh tuilleadh...

Olivia Golden 14 Meitheamh 2017

Is maisitheoir í Olivia Golden agus tá níos mó ná 22 leabhar do pháistí maisithe aici, mar aon le clúdaigh agus leabhair do dhaoine fásta. Cuireadh a cuid saothar ar taispeáint mar chuid den taispeántas Pictiúr a bhí eagraithe ag Laureat na nÓg, Niamh Sharkey. Cuireadh an taispeántas ar bun chun scoth na maisiúchán i leabhair do pháistí a chur os comhair an phobail.

Léigh tuilleadh
Léigh tuilleadh...

Caoimhe Nic Lochlainn

Is léachtóir í an Dr Caoimhe Nic Lochlainn in Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Tá spéis taighde aici i litríocht do pháistí. Tá sí ina ball de choiste an Chumainn Éireannaigh um Staidéar Litríocht na nÓg, agus tá saothar acadúil foilsithe aici ar athinsintí ar an miotaseolaíocht agus ar an mbéaloideas agus stair chultúr na bpáistí go ginearálta.

Léigh tuilleadh

Eiléan Ní Chuilleanáin 9 Meitheamh 2017

Rugadh Ní Chuilleanáin i gCorcaigh i 1942.  File agus Ollamh gradaim le Béarla i gColáiste na Tríonóide is ea í, agus í tar éis bheith ag múineadh ann ó 1966, agus fós ag tabhairt cúpla léacht ann, tar éis dul ar scor i 2011.

Léigh tuilleadh
0
Cló Iar-Chonnacht