Trí leabhar le Cló Iar-Chonnacht ar ghearrliosta Ghradam Fhoras na Gaeilge sna An Post Irish Book Awards. 20 Deireadh Fómhair 2023 – Posted in: Nuacht – Clibeanna: , , , ,

Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht a fhógairt go bhfuil trí leabhar linn ar ghearrliosta Ghradam Fhoras na Gaeilge sna An Post Irish Book Awards. Is iad na leabhair atá ar an ngearrliosta ná Sa Pholl Báite le Anna Heussaff, Ag Dul i bhFad  le Alan Titley agus Béal na Péiste le Fionntán de Brún.

“Tá riméad orainn gur bhain na trí leabhar an gearrliosta amach. Is iontach an t-aitheantas é do shaothar na scríbhneoirí agus d’fhoireann Chló Iar-Chonnacht agus cuireann sé litríocht na Gaeilge i lár an aonaigh,”

Deirdre Ní Thuathail, Stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht agus í ag cur fáilte roimh an scéala.

 

Clúdach an leabhair Sa Pholl Báite le Anna HeussaffAnna Heussaff

Is úrscéalaí aitheanta, ildánach í Anna Heussaff. Is é Sa Pholl Báite an ceathrú húrscéal bleachtaireachta léi do léitheoirí fásta. Bhain an leabhar duais amach don úrscéal i gcomórtas liteartha Oireachtas na Gaeilge. Úrscéalta bleachtaireachta eile do dhaoine fásta atá scríofa aici roimhe seo, Bás Tobann, Buille Marfach, agus Scáil an Phríosúin.

 

Clúdach an leabhair Béal na Péiste le Fionntán de BrúnFionntán de Brún

I mBéal Feirste a rugadh agus tógadh Fionntán de Brún Tá sé ina Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Bhuaigh a chnuasach gearrscéalta Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta Eile duais Bhord na Leabhar Gaeilge ag Oireachtas 2004. Is é Béal na Péiste a chéad úrscéal, saothar ar bronnadh an chéad duais don úrscéalaíocht air ag Oireachtas 2022. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin air i 2023.

 

Alan Titley

Is é Ag Dul i bhFad an chéad chnuasach gearrscéalta le Alan Titley ó foilsíodh an 100 scéal atá i Leabhar Nóra Ní Anluain i 1998. Má tháinig scata úrscéalta uaidh idir an dá linn ,níor thréig sé an ealaín ghairid riamh, óir tá seacht scéal anseo a ghnóthaigh duaiseanna Oireachtais.

I gcathair Chorcaí a rugadh Alan Titley 1947. Tá cion céadach déanta aige ar son litríocht chomhaimseartha na Gaeilge i gcaitheamh a shaoil. Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge é in gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus is scoláire, scríbhneoir agus craoltóir aitheanta é.

San áireamh ina shaothar, tá an dráma cáiliúil Tagann Godot, an úrscéal véarsaíochta An Bhean Feasa, agus aistriúcháin ar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, The Dirty Dust. Is iomaí duais atá buaite aige as a chuid scríbhneoireachta, ina measc duais Bisto dá úrscéal Amach agus duaiseanna liteartha Oireachtas na Gaeilge.

Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid ar an 22 Samhain, 2023.

« Cló Iar-Chonnacht ag Oireachtas na Samhna 2023
Seoladh ‘Cois Fharraige by the Sea’ le John J. Keady »