Tá úineireacht ag Cló Iar-Chonnacht (CIC) ar an suíomh seo agus an t-eolas agus na hábhair atá ar an suíomh (“an t-ábhar”) á gcur i láthair d’úsáid pearsanta, neamh-thráchtála amháin. Maoin de chuid CIC nó a soláithreoirí é gach bogearra ar an suíomh seo (san áireamh anseo gan teorainn tá dearadh an tsuímh, téacs, graificí, fuaim, fís agus an roghnú agus eagrú de) agus tá sé faoi chosaint dhlíthe idirnáisiúnta cóipchearta.
Níl cead aon chuid den ábhar a íoslódáil, a chóipeáil, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a phostáil, a chraoladh, a stóráil, a dhíol nó a dháileadh gan cead i scríbhinn a fháil ó úinéir na cóipcheart.
Fágtha as an áireamh sa chosc seo tá íoslódáil cóip amháin de shleachta ón suíomh ar ríomhaire singil d’úsáid pearsanta, neamh-thráchtála, sa bhaile, ach na fógraí cóipchearta agus úinéireachta a choinneáil slán.
Tá cosc ar an ábhar a úsáid nó a athrú len úsáid ar aon údar eile ach amháin mar atá cur síos air anseo (san áireamh anseo gan teorainn tá suíomhanna idirlín eile nó ríomhghreasáin).
D’fhéadfadh go mbeadh nascanna ar an suíomh chuig suíomhanna seachtaracha atá faoi chúram dhreamanna eile. Ní chuirtear na nascanna seo san áireamh ach ar mhaithe le éascaíocht agus níl CIC freagrach as aon ábhar atá ar na suíomhanna sin ná smacht ar an ábhar atá ar na suíomhanna.
Cé go ndéantar gach iarracht le cinntiú go bhfuil na praghsanna i gceart agus fáil ar na teidil atá ar an suíomh seo ní féidir a chinntiú go mbeidh na praghsanna cruinn. Is féidir praghsanna athrú gan choinne agus an fáil ar tháirgí a athrú gan choinne. Nuair a chuireann tú ordú isteach tá tú ag ofráil táirge a cheannacht agus glacfaimid é a dhíol leat ar na téarmaí agus coinníollacha seo a leanas.
Tá gach ordú faoi choinníoll go bhfuil an táirge ar fáil agus go bhfuil an praghas cruinn. B’fhéidir go mbeadh difríochtaí ar amanna seachadta ag brath ar an bhfáil atá ar an dtáirge. Nílimid freagrach as aon mhoill a chuirtear ar sheachadadh de bharr moill poist nó force majeure. Tá an ceart ag CIC aon iarratas ar tháirge a dhéanann tú a dhiúltú. Nuair a dhéanann tú iarratas orainn deimhníonn tú go bhfuil na sonraí ar fad a thugann tú dúinn san iarratas ar tháirgí nó ar sheirbhísí fíor agus cruinn, gur tú an úsáideoir údaraithe den chárta creidmheasa a bhaineann tú úsáid as leis an iarratas a dhéanamh agus go bhfuil dóthan airgid ar an gcárta le costas na dtáirgí nó seirbhísí a chlúdú. Má thagann athrú ar na sonraí seo tá an freagracht ort lena chur in iúl dúinn.
Cuireann CIC an suíomh ar fáil de mheon macánta ach ní dhéanann CIC aon ionadaíocht ná barántaí d’aon chineál, sainráite nó intuigthe, gaolmhar leis an suíomh ar fad nó aon chuid de nó an t-ábhar nó aon suíomh idirlín a bhfuil an suíomh nasctha leo, agus leis seo eisiatar gach ionadaíocht agus barántas anseo sa mhéid is atá ceadaithe de réir dlí. Ní comhairle atá san ábhar atá ar an suíomh seo agus ní ceart brath air le aon chinneadh a dhéanamh nó gan a dhéanamh.
Níl aon ghealltanas go mbeidh an suíomh saor ó infhabhtú le víorais nó aon rud eile a bheadh díobhalach nó millteach. Chomh fada is atá sé ceadaithe de réir dlí séanann CIC gach dliteanais a éiróidh as nó a bheadh baint aige leis aon úsáid nó neamhábaltacht a úsáid, cuid de nó an t-ábhar ar fad, an suíomh nó aon suíomh a bhfuil an suíomh nasctha leis, nó aon ghníomh a thógtar nó nach dtógtar mar thoradh ar aon cheann acu seo a úsáid.
Coimeadann CIC an ceart le cur leis na coinníollacha seo nó iad a athrú. Cuirfear aon athruithe a dhéanfar ar an leathanach seo agus tá an freagracht ort mar úsáideoir a chinntiú go bhfuil tú ar an eolas faoi aon athruithe a dhéantaí ó am go chéile.
Bailíonn CIC eolas ar na leathanaigh a dhéanann tomhaltóirí cuairt orthu, chomh maith le heolas a chuireann an tomhaltóir ar fáil go deonach ina bhfuil eolas suirbhé agus/nó clárúcháin ar an suíomh san áireamh. Baineann CIC úsáid as an eolas seo ar mhaithe le athbhreithniú inmheánach leis an ábhar ar an suíomh a fheabhsú agus le tomhaltóirí a choinneáil ar an eolas maidir le heolas nua a chuirtear ar an suíomh.
Ní dhéanfaidh ná ní spreagfaidh tú gníomh coiriúil, ní sheolfaidh tú ná ní ghlacfaidh tú le haon ábhar atá maslach ná salach nó eolas a sháraíonn rúndacht, cóipcheart, príobháideachas nó aon chearta eile; ní dhéanfaidh tú aon ghníomh a thagann salach ar pholasaí úsáide inghlactha nó na caighdeáin inghlactha go ginearálta ar aon suíomh nasctha le CIC; ní chraolfaidh tú nó ní dháilfidh tú víoras; ní dhéanfaidh tú bradaíl ar aon ghné den tseirbhís, ní thruailleoidh tú sonraí; ní chuirfidh tú isteach ar úsáideoirí eile; ní sháróidh tú trádmharcanna aon duine eile ná cearta dílseachta aon duine eile; ní sheolfaidh tú aon fhógraíocht gan cead roimh ré nó aon ábhar bolscaireachta eile, a thagraítear dhó go comónta mar ‘spam’; ní dhéanfaidh tú aon iarracht le cur isteach ar ghníomhaíocht ná feidhmiúlacht aon áiseanna ríomhaireachta a bhaineann le nó a bhfuil rochtain orthu trí shuíomh idirlín CIC.
Beidh na téarmaí agus coinníollacha seo construáilte de réir dlí na hÉireann agus is ag cúirteanna na hÉireann a bheidh an t-údarás le aon agóid nó diospóid idir thú agus CIC a réiteach.