‘Splancanna ó shaol eile’ – leabhar na míosa ag ClubLeabhar.com 16 Meitheamh 2015 – Posted in: Gan chatagóir

‘Splancanna ó shaol eile’ –  Leabhar na míosa ag ClubLeabhar.com

Leabhar taistil é seo ina bhfuil 100 aiste agus 100 grianghraf a thugann blaiseadh don léitheoir ar ghnéithe éagsúla de shaol na Brasíle. Tá na haistí gearr, spéisúil agus soléite, rud a chiallaíonn go dtaitneodh siad le foghlaimeoirí agus le léitheoirí líofa araon.

Alex Hijmans, ar as an Ísiltír dó, ina chónaí sa Bhrasaíl le roinnt blianta anois, ag scríobh agus ag obair mar chomhfhreagraí. Tá úrscéal nua idir lámha aige dar teideal An Tearmann a fhoilseoidh Cois Llife in 2016.

Ghlac sé na grianghraif sa leabhar é féin agus é ag taisteal ar fud na tíre. Bhunaigh sé na haistí ar ábhar na ngrianghraf agus tá raon fairsing de théamaí clúdaithe iontu ó chúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta go cúrsaí cultúir agus bia.

Tá an leabhar ar fáil sna siopaí nó ar líne ar www.deirdreo2.sg-host.com. Is féidir é a cheannach anseo.  Tá praghas €14 air.

Go mbaine sibh sult as!

Leabhair eile le Alex:

Gonta (2012)

Aiséirí (2011)

Favela (2009)

« Aois Fir – úrscéal nua le Liam Ó Muirthile
Comhghairdeas le hÁine Ní Ghlinn! »