Splancanna ó Shaol Eile (réamhradharc) le Alex Hijmans 3 Meitheamh 2013 – Posted in: Sliocht

Céad grianghraf. Céad aiste ghearr. Cur síos i bhfís agus i bhfocail ar thír aduain, anaithnid… atá i lár an aonaigh.

Tá aird an tsaoil mhóir ar an mBrasaíl agus beidh go ceann roinnt mhaith blianta: 2014 – Corn an Domhain sa Sacar i dtír na Brasaíle, 2016 – Na Cluichí Oilimpeacha i gcathair Rio de Janeiro. Go heacnamaíoch agus go polaitiúil, tá ról níos tábhachtaí ná riamh ag fathach Mheiriceá Theas ar an stáitse idirnáisiúnta.

Seo cuireadh duit aithne a chur ar an mBrasaíl – aithne cheart, aithne a sheachnaíonn an cliché. Sa leabhar seo, tugann Alex Hijmans, atá ina chomhfhreagraí idirnáisiúnta sa tír ó 2007, léaspairtí ar an mBrasaíl nach bhfeictear sna cártaí poist.

Seo inár ndiaidh roinnt sleachta as an leabhar a fhoilseofar níos déanaí in 2013 – agus tá aistriúcháin gharbha Béarla leis na reamhshleachta seo i gcás go bhfuil a leithéid uait. Tá ná téacsanna a ghabhann leis na grianghraif níos faide ná na sleachta anseo, ar ndóigh.

 NÍ CÁRTA POIST É SEO

Tá meirg ar an bpictiúr seo, agus féasóg ar an scéal a insítear
ann. Ach tá gá leis.

Páistí ag imirt sacair, mar íomhá den Bhrasaíl? Seanchaite! Gan trácht ar thránna! Agus tá an sliabh sa chúlra – Pão de Açúcar (Sliabh Charn an tSiúcra) – ar na hionaid turasóireachta is iomráití ar domhan – inchurtha le Buckingham Palace, Niagara Falls nó an Taj Mahal. Agus seo iad – na páistí, an trá agus Pão de Açúcar – san aon ghrianghraf amháin.
Is ea, is cárta poist é seo. An t-aon cheann amháin sa leabhar. Sin an fáth a bhfuil sé ag an tús. Séard is fearr a léireoidh nach cártaí poist atá sna grianghraif eile sa saothar seo ná cárta poist ceart a thaispeáint i dtosach.
Ach, ag an am céanna, ní cárta poist é seo – níl aon bhréaga á n-insint ann. Ní aisteoirí atá fostaithe ag Bord Fáilte na Brasaíle iad na himreoirí óga sacair; fíordhaoine iad agus fíorchluiche ar bun acu – fiú mura bhfuil ach leathfhoireann acu ann…

SEASAMH TRODA

Chuir Jamopoty (ar dheis) agus a fear céile Taquari a bhfeisteas traidisiúnta orthu nóiméad sular ghlac mé an grianghraf seo. Ní ligeann siad d’aon duine a bpictiúr a thógáil agus a ngnáthéadaí – jíons agus T-léine – orthu.

Níl rud ar bith in Olivença, parrthas surfála i ndeisceart stát Bahia, a thabharfadh le fios don chuairteoir go bhfuil coimhlint ghránna ar siúl ann. Níl poill philéar sna fuinneoga, níl graifítí gríosaitheach ar na ballaí. Ach fiafraigh de dhuine ar bith faoin bplean atá ag rialtas na Brasaíle tearmann a chruthú do threibh bhundúchasach áitiúil, agus ní bheidh srian leis an ngoimh…

CODARSNACHT

Ní duine mé a labhraíonn leis féin os ard. Ach nuair a shiúil mé síos fána an chnoic ar a bhfuil seanchathair São Luís tógtha, i dtreo abhainn an Anil, d’éalaigh na focail seo amach ó mo bhéal do mo lom-ainneoin: ‘Ô meu Brasil …’

‘Ochón, a Bhrasaíl mo chroí’ an t-aistriúchán is fearr a ritheann liom…

« Agallamh le Liam Ó Muirthile ar Southword
Seoladh Fuíoll Feá le Liam Ó Muirthile 8 Feabhra 2013 »