SLIOCHT 2020 ag Oireachtas na Samhna ar líne 30 Deireadh Fómhair 2020 – Posted in: Nuacht

SLIOCHT 2020
Ag Oireachtas na Samhna
Cliceáil anseo ar an Satharn, 31 Deireadh Fómhair ag 4:30 i.n. tráth a mbeidh an ócáid le feiceáil ar líne
Cló Iar-Chonnacht ag ceiliúradh 35 bliain ar an bhfód

Tá an-áthas orainn i gCló Iar-Chonnacht go bhfuil muid in ann a theacht chomh fada libh i mbliana, más go fíorúil féin é.
Ár mbuíochas libhse, a phobal na Gaeilge, as a bheith linn don ócáid SLIOCHT 2020 agus muid ag ceiliúradh 35 bliain ar an bhfód.
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le hOireachtas na Gaeilge as gach tacaíocht agus spreagadh a thug an fhoireann dúinn agus an ócáid seo á cur le chéile againn.
Ár mbuíochas freisin leis na scríbhneoirí atá linn don ócáid.
Le cloisteáil i rith SLIOCHT 2020, beidh Áine Uí Fhoghlú agus í ag léamh as an leabhar Éalú, Eithne Ní Ghallchobhair agus sliocht álainn aici óna cnuasach gearrscéalta Súil.
Linn freisin, beidh Pádraic Breathnach agus sliocht aige as a úrscéal cumhachtach Dialann mo Mháthar. Buíochas mór le Seán Ó Mainnín, Táin Bó Media, a léirigh is a thaifead léamh Phádraic Breathnach. Beidh muid ag dul ar thuras go dtí an todhchaí leis an scríbhneoir Dave Duggan agus sliocht aige as a úrscéal ficsean eolaíochta Makaronik.
Beidh muid ag dul ar thuras ar bhóithrín na smaointe san ócáid seo inniu freisin agus muid ag éisteacht le glórtha ón gcartlann agus tá áthas orainn a bheith in ann na míreanna seo a roinnt libh.
I rith na hócáide, cloisfidh muid an scéalaí Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta agus an scéal ‘Donnacha Mór’ á aithris aige, an file Seosamh Ó Guairim ag léamh ‘Choo Choo na Traenach’. Le cloisteáil freisin beidh scéal ón mbéaloideas á aithris ag Sorcha Ní Ghuairim, ‘An Ceannaí Fírinneach agus an Ceannaí Bréagach’. Beidh an file Michael Davitt le cloisteáil agus an dán ‘Ár gCumann Diamhair’ á aithris aige, cloisfidh muid Pádraig Ua Maoileoin ag aithris ‘I gCuimhne do Bháis, a Thomáis’, agus ‘Aifreann i mBrosna’ le Pádraig Ó Fiannachta. Ag deireadh na hócáide cloisfidh muid glór Mháire Mhac an tSaoi agus a dán ‘Filleann an tSeanmhuintir’ á léamh aici.
Go raibh míle maith agaibh agus go mbeirimid beo ar an am seo arís!

« Comhdháil á reáchtáil ag Coláiste na Tríonóide ag comóradh shaothar Mháirtín Ó Cadhain
Seoladh ar líne ‘Gaillimh: Díolaim Cathrach’ i rith Oireachtas na Samhna »