Glór Mhaigh Eo (CD)

10.00

Stoc ar fáil

Tá amhránaithe as Contae Mhaigh Eo le cloisteáil ar an albam Glór Mhaigh Eo. Ba bheag iomrá a bhí ar amhránaithe as Maigh Eo go dtí gur cuireadh tús le cláir ó stiúideo Raidió na Gaeltachta i gCaisleán an Bharraigh. Seo cnuasach ó chartlann an raidió a bhailigh Seán Ó Héalaí dá chlár Seó Mhaigh Eo ó amhránaithe as Acaill, Iorras agus Tuar Mhic Éadaigh.

Is iad na hamhránaithe atá le cloisteáil ar an albam ná Tomás Ó Máille, Pádraig Ó Maolruaidh as Tuar Mhic Éadaigh, Micheál Ó Seighin, Fiachna Ó Mongáin & Micheál Ó Conghóile, as Iorras and Cáit Nic Suibhne & Donncha Ó Gallchóir as Acaill.

Is tráthúil gur cuireadh an t-albam ar fáil i mbliain cheiliúrtha iúibilé Raidió na Gaeltachta 1997, tráth a raibh 25 bliain ar an bhfód á gceiliúradh.

Traicliosta:

  1. Tá na Páipéir a Saighneáil (Tomás Ó Máille)
  2. Sailor (Pádraig Ó Maolruaidh
  3. Sadhbh Ní Bhruinneala (Cáit Nic Suibhne)
  4. Cúl na Binn (Donncha Ó Gallchobhair)
  5. Teampall na Naomh (Micheál Ó Seighin
  6. Uaigneas na Rinne (Micheál Ó Conghóile)
  7. Amhrán na Sméar (Donncha Ó Gallchobhair)
  8. Bean a’ Leanna (Pádraig Ó Maolruaidh)
  9. Cailleach na Scríb’ (Tomás Ó Máille)
  10. Baile Deas Gaoth Sáile (Micheál Ó Seighin)
  11. Neainsín Bhán (Fiachna Ó Mongáin)
  12. Amhrán na mBiollaí (Cáit Nic Suibhne)
  13. Eoghan Cóir (Micheál Ó Seighin)
  14. Máire Ní Eidhin (Donncha Ó Gallchobhair)
  15. ‘Sé Fáth Mo bhuartha (Tomás Ó Máille)
  16. Amhrán na nAsal (Pádraig Ó Maolruaidh)
  17. Uaisle Acla (Cáit Nic suibhne)
  18. Baile Beag Ros Dumhach (Micheál Ó Conghóile)

Tá na traiceanna ar fad traidisiúnta ach amháin Traic 6, Micí Joe Ó Conghóile agus Traic 18, Micheál Ó Conghóile.

Foilsithe sa mbliain 1997 ar lipéad Chló Iar-Chonnachta, MÓC Music 1997.

Meáchan 75 g
Toisí 14 × 12.5 cm