Dáithí Sproule, Lost River: Vol. 1

15.01

Stoc ar fáil

Bailiúcháin amhrán atá á gcanadh le blianta ag Dáithí Sproule atá mar chroílár an albaim seo. Léiríonn sé a sheanaithne ar na foinn agus é á gcanadh agus á dtionlacan go croíúil ar an ngiotár.

Toradh comhoibrithe le buíon dá chairde é an t-albam freisin – rinneadh taifeadtaí in áiteanna chomh fada ó bhaile le Ráth Mealtain, Co. Dhún na nGall agus Whidbey Island amach ó chósta thiar Mheiriceá.

Deir Dáithí, ‘Tá súil agam go mbeidh cion agat ar na hamhráin seo mar atá agam féin, iad tarraingthe as tobar domhain na hamhránaíochta traidisiúnta.’

Le cloisteáil: Seamus McGuire, Peter Ostroushko, Tom Schaefer, Randal Bays, Liz Carroll, Billy McComiskey, Danielle Enblom, Laura MacKenzie, John Wright, Dean Magraw, James Kelly, Paddy O’Brien, Altan.

Maidir le Dáithí Sproule

As Doire ó dhúchas, tá cónaí ar Dháithí Sproule (a tháinig chun suntais i dtosach leis an mbanna iomráiteach Skara Brae) i Minnesota le fada an lá. Sheinn sé is rinne taifeadtaí le dhá thríréad a raibh tionchar mór acu ar an gceol traidisiúnta: Bowhand (le James Kelly agus Paddy O’Brien) agus Trian (le Liz Carroll agus Billy McComiskey).

Thug sé tionlacan do thaifeadtaí le Tommy Peoples, Seamus agus Manus McGuire, Liz Carroll, agus Paddy O’Brien, i measc daoine eile chomh maith. I 1995 d’eisigh sé a chéad albam aonarach, A Heart Made of Glass, le hamhráin i mBéarla agus i nGaeilge. D’eisigh sé albam uirliseach ar an ngiotár, The Crow In the Sun, in 2008 agus trí thraic déag nua-chumtha air. Thóg sé leis an 2009 Bush Artist Fellow, onóir a bhronn an Archibald Bush Foundation i Minnesota air.

Meáchan 75 g