Bhí an curach ársa ag an gcine daonna ó am éicint roimh 10,000 bliain roimh Chríost, agus bhí sí in úsáid in Éirinn go dtí 1936. Is é a bhí sa gcurach ársa ná soitheach a bhí déanta as creatlach de ghéaga ceangailte le chéile, agus go raibh clúdach uiscedhíonach de sheithe uirthi. Tháinig tionchar na Réabhlóide Tionsclaíochta i bhfeidhm ar dheartha an churaigh le: hamaid sháfa do na garmain, na lataí agus na fonsaí; tairní, agus canbhás agus tarra. Sin a thug dúinn an curach traidisiúnta.
Sa gcéad chuid den leabhar insítear scéal an churaigh ó theacht an chéad fhear i gcurach suas go dtí an lá inniu. Is i gcurach chomh maith a tháinig: feilmeoireacht, na Ceiltigh, an Ghaeilge, Pádraig, an Chríostaíocht, léinn agus scríobh, agus is i gcurach a rinne na manaigh a dturais mhara éachtúla san Atlantach Thuaidh.
Sa dara chuid tá caibidil ar leith ag gach saghas curach a bhí ann: ceithre shaghas i nDún na nGall; ceithre shaghas i Muigh Eo; dhá shaghas i nGaillimh agus bhí dhá shaghas naomhóg acu, ceann sa gClár agus ceann i gCiarraí. Tá cur síos ar crot an churaigh, tréithre ar leith a bhí aici, teacht an churaigh traidisiúnta go dtí an cheantair agus a úsáid san iascaireacht, agus tá plean, tomhais agus toisí do gach saghas.
Breandán Mac Conamhna
Rugadh agus tóigeadh Breandán i nGaeltacht Iorrais, i mBéal Deirg, Condae Mhuigh Eo. Chuaigh sé ar scoil i gColáiste Éinde, Gaillimh agus ina dhiaidh sin bhain sé céim amach sa mhatamaitic ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Chaith sé fiche bliain mar mhúinteoir agus léachtóir i Sasana. D’fhill sé ar Éirinn in 1980 mar cheannaire ar Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, áit ar fhan sé nó go ndeachaigh sé ar scor i 2001. Tá cónaí air i mBaile idir dhá Abhainn, Condae Shligigh.