Ciarán Ó Fátharta – Amhráin

12.00

Stoc ar fáil

Bailiúchán d’amhráin Chiaráin Uí Fháthartaatá anseo, 31 amhrán san iomlán chomh maith le hagallamh beirte amháin. Tá na hamhráin seo beo i mbéal an phobail le fada agus iad le cloisteáil go minic ar an raidió, á gcasadh ag ceoltóirí éagsúla, leithéidí John Beag Ó Flatharta, Beairtle Ó Domhnaill, Cillín, Duirling agus Ann Marie Nic Dhonncha, ach is é seo an chéad uair a bhfuil fáil ar leagan an scríbhneora de na hamhráin uilig in aon chnuasach amháin. Is in ochtóidí an chéid seo caite a tháinig borradh faoi na hamhráin nuachumtha den chinéal seo i gConamara den chéad uair agus thug siad ardú croí agus meanman do chách tráth a raibh eacnamaíocht na tíre i ndroch-chaoi. Déanann siad ceiliúradh ar thraidisiúin, ar phearsana agus ar imeachtaí áitiúla agus náisiúnta, mar shampla,traidisiún na badóireachta i gConamara, an dornálaí Seán Ó Mainnín agus drochstaid na mbóithre. Is meascán den stíl cheol tíre agus den stíl sean-nóis atá sna hamhráin seo, stíl a dtugtar Gaelcheol tíre air, atá an-láidir i gConamara go fóill.

Na hAmhráin 1. Amhrán Mháirtín Beag Ó Gríofa 2. Amhrán Mhichelle Smith de Brún 3. Amhrán na Gaeilge 4. Amhrán na Gaillimhe 5. Amhrán na mBáid Mhóra 6. Amhrán Ráth Cairn 7. Amhráin Sheáin Uí Mhainnín 8. An Cosán 9. An Dioscó 10. An Seanfhear 11. An Séipéilín 12. An Stól 13. An Tuairisc 14. Bearáilte 15. Breandán 16. Brig St. John 17. Capaillín 18. Clár Joe 19. Cré na Cille 20. Cuimhneoidh Mise Ort 21. Dearcadh an tSaoil 22. Dífhostaíocht 23. Dílleachtín Bocht Ó 24. Eachtra 25. Exhaust Pipe 26. Londain 27. Maggie Thatcher 28. Na Laethanta Romham 29. Ráth Cairn Glas Gréine na Mí 30. Scriosta ag an Ól 31. Seáinín 32. Agallamh Beirte: Teilifís na Gaeltachta agus an OK Corral

Léigh sliocht as an leabhar

Meáchan 250 g