Caointe agus Seancheolta Eile / Keening and other Old Irish Musics

16.00

Stoc ar fáil

Tá an leabhar seo as cló

 

Cíorann an leabhar seoseantraidisiúin filíochta agus amhránaíochta na tíre seo.

Is scoláire aitheanta é Breandán Ó Madagáin i réimse na Gaeilge agus na traidisiúin amhránaíochta agus filíochta a bhaineann léi. B’Ollamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é, agus ba nós aige an fhilíocht a chanadh sa rang dá chuid mac léinn, go dtuigfidís an tábhacht a bhain leis an gceol san fhilíocht. Sa saothar seo baineann sé feidhm as na réimsí éagsúla saineolais aige leis na seantraidisiúin cheoil seo a phlé. San áireamh sa dioscúrsa seo tá caointe, amhráin oibre, amhráin mhacarónacha, amhráin bheannaithe, marbhnaí agus amhráin pholaitiúla. Go heisceachtúil, sa saothar seo, cíortar an ceol a bhain leis na hamhráin seo, chomh maith leis an téacs, agus tá samplaí de le cloisteáil ar an dlúthdhiosca atá istigh leis an leabhar.

Pléitear an comhthéacs sóisialta ina gcloistí na seancheolta seo, agus san áireamh sa saothar tá traidisiúin na ngnáthdhaoine, chomh maith le traidisiúin na mbard agus an lucht léinn. Tugtar na focail sa leabhar de shamplaí stairiúla de na hamhráin seo, ina measc: máthair ag caoineadh a hiníne atá ag dul ar imirce go Meiriceá, sleachta as Caoineadh Art Uí Laoghaire, agus marbhnaí ar laochra stairiúla.

Léigh sliocht as an leabhar

Meáchan 250 g