Béarrach Mná ag Caint: Seanchas Mháiréad Ní Mhionacháin

12.00

Stoc ar fáil

Thar a bheith suimiúil … le réamhrá agus comhthéacsú breá … – A.J. Hughes Sa bhliain 1901 bhí Gaeilge ag 73% de dhaonra Pharóiste Chill Chaitiairn ar leithinis Bhéarra, Co. Chorcaí. Bhí Máiréad Ní Mhionacháin ón nGoirtín ar dhuine acu sin. Ach nuair a cailleadh Máiréad sa bhliain 1957 in aois 95 bliain bhí an Ghaeilge ar an dé deiridh i mBéarra. Is é atá sa leabhar seo ná bailiúchán breá seanchais a bhreac Tadhg Ó Murchú, bailitheoir lánaimseartha le Coimisiún Béaloideasa Éireann, síos uaithi idir 1950 agus 1952. Tar éis í a cheistiú i dtaobh an-chuid gnéithe den bhéaloideas dúirt sé gur ‘beag ceist acu ná go raibh eachtra nó solaoid éigin aici ina thaobh.’ Ní haon ionadh mar sin éagsúlacht mhór a bheith in ábhar an leabhair seo: tá eachtraí farraige, piseoga iascaireachta, ainmhithe feirme agus fiáine, ceirdeanna, scolaíocht, pósadh, féilte, an scéalaíocht, filí agus filíocht, scoileanna rince agus seanchas stairiúil ar chuid de na hábhair a phléigh Máiréad le Tadhg.  

Meáchan 250 g