Bone and Marrow / Cnámh agus Smior

39.00

Stoc ar fáil

PAPERBACK EDITION – EAGRÁN FAOI CHLÚDACH BOG

Bone and Marrow/Cnámh agus Smior: An Anthology of Irish Poetry from Medieval to Modern an duanaire d’fhilíocht na Gaeilge is cuimsithí fós. San áireamh sa mbailiúchán tá filíocht Ghaeilge luathmheánaoiseach, filíocht manachúil agus filíocht na mbard; an t-ionradh Angla-Normanach; an Reifirméisean; Frith-Reifirméiseaan; na Plandálacha; an Apacailipsis Gaelach; an Reistiréasan; Cogadh an Dá Rí; na Péindlithe; na Seacaibíthe; an Gorta Mór; amhráin phobail ón naoú haois déag; athbheochan na Gaeilge; nua-aoiseachas; na filí Innti; chomh maith le glórtha nua atá ag teacht chun cinn san aonú aois is fiche. Saothar ollásach ina leithead is léannta ina dhoimhneacht is ea Bone and Marrow. Áirítear téacsanna clasaiceacha agus canónacha ann chomh maith le dánta agus amhráin dhearmadta. Caitheann an cnuasach seo líon amach go leathan agus léiríonn sé go bhfuil an fhilíocht go cnámh agus go smior i stair agus cultúr na hÉireann.