500 seanfhocal, proverbs, refranes, przyslow

12.00

Stoc ar fáil

Díolaim seanfhocal coitianta i gceithre theanga, maisithe le líníochtaí Fintan Taite. Cnuasach bunaithe ar shaíocht agus ar ghaois na Gaeilge, le haistriúcháin nó comhleaganacha i mBéarla, Spáinnis agus Polainnis. Saibhreas na Gaeilge in oiriúint do phobal ilchultúrtha na hÉireann de gach aois agus cúlra. Díolaim mhealltach de 500 seanfhocal Gaeilge roghnaithe ag Donla uí Bhraonáin agus leagan Béarla curtha aici leo. Aistriúcháin go Spáinnis curtha ar fáil ag Carmen Rodriguez Alonso agus leaganacha Polainnise déanta ag Anna Paluch. Fáiscthe as ré eile, saol tuaithe agus saol bocht cuid mhaith, ach fírinne agus léargas saoil iontu a bhaineann chomh mór céanna le cultúir eile agus le saol an lae inniu.