Club Leabhar All About Irish – margadh speisialta

32.00

Tá áthas orainn margadh speisialta a chur ar fáil ar leabharliosta Chlub Leabhar All About Irish don tsraith a bheidh ag tosú i mí na Samhna.
Cláraigh le Club Leabhar All About Irish saor in aisce agus tar ar bord chun leabhar amháin i nGaeilge a léamh in aghaidh na míosa. Is iad na leabhair atá san áireamh sa mbeart ná: An Billiúnaí Beag, An Bradán Feasa, Dúnmharú ar an Dart, Taithí Oibre agus Bríste an Cheoltóra.

Méadaigh do mhuinín i do chuid léitheoireachta Gaeilge in éineacht le Club Leabhar All About Irish

Cuimhnigh ar leabhar iomlán a léamh i nGaeilge ó thús go deireadh agus ansin ceann eile a léamh an mhí ina dhiaidh sin. Scil riachtanach is í an léitheoireacht sa sprioctheanga le dul chun cinn scioptha a dhéanamh agus teanga nua á foghlaim. Ach is minic go mbíonn drogall ar dhaoine tabhairt faoi leabhar a léamh i nGaeilge astu féin. Sin é an fáth gur bunaíodh Club Leabhar All About Irish.

Cláraigh leis an gclub, saor in aisce, agus gheobhaidh tú:

  • R-phost ag tús na míosa le acmhainní ann a chabhróidh leat
  • Cuireadh chuig cruinniú leathuaire míosúil ar líne ar an Domhnach deireanach den mhí áit a mbeidh deis agat Gaeilge a labhairt is a chloisteáil.
  • Spreagadh agus tacaíocht chun leanúint ar aghaidh!

Cuirfear tús leis an séasúr nua i mí na Samhna agus beidh an chéad chruinniú ag an gClub Leabhar ar an 28 Samhain. Tá na leabhair a roghnaíodh do Chlub Leabhar All About Irish ag leibhéal idirmheánach íochtarach – tá siad feiliúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge mheirgeach acu, agus fiú do ghlantosaitheoirí (cé go mbeidh sé beagáinín níos dúshlánaí don ghlantosaitheoir, ar ndóigh!)

Tá fáilte roimh chách chuig Club Leabhar All About Irish, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat.

Tabhair faoin dúshlán léitheoireachta gach mí in éineacht leis an gclub agus feicfidh tú do chumas léitheoireachta sa nGaeilge ag bláthú.

Meáchan9 g