Praghas Díolta na Nollag!

LabhairAmach.com

7.00

[flipbook-popup id="labhairamach"] Léigh sliocht as an leabhar[/flipbook-popup]

Stoc ar fáil

Age Group: 13 – 15 years of age. 

Cailín óg aonarach meánscoile í Ciara Ní Cholmáin a bhfuil an ghráin ag Sandra uirthi; tá Sandra ard agus dathúil le go leor cairde – agus buachaill! – aici. Tá Ciara bhocht ciaptha agus céasta ag Sandra agus a cairde – roimh scoil, le linn na scoile agus tar éis na scoile.

Ní hamháin sin ach tá sí ag fáil téacsanna gránna agus tá pictiúir di á gcur suas ar an suíomh labhairamach.com ag duine anaithnid éigin. Ach díreach agus Ciara in umar na haimléise castar cara nua uirthi, cara cosúil léi féin, cara nach ligfidh síos í agus a thiocfaidh i gcabhair uirthi in am an ghátair. Gearr-úrscéal cumhachtach a thugann léargas truamhéalach ar bhulaíocht an lae inniu i scoil dara leibhéal.

Áine Uí Fhoghlú

Údar, file agus múinteoir meánscoile í Áine Uí Fhoghlú as Gaeltacht na Rinne, Co. Phortláirge. Is é seo an cúigiú saothar ficsin uaithi agus tá trí chnuasach filíochta foilsithe aici. Tá duaiseanna litríochta buaite aici, ina measc Oireachtas na Gaeilge, Seachtain na Scríbhneoirí Lios Tuathail agus Gradam Filíochta Mhíchíl Uí Airtnéide. Múineann sí an scríbhneoireacht chruthaitheach do dhaltaí meánscoile agus tá tréimhsí cónaitheachta déanta aici i scoileanna éagsúla.

Tá saothair thaighde léi craolta agus foilsithe i bhfoilseacháin éagsúla agus tá sparánachtaí agus coimisiúin bronnta uirthi ag an Chomhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. Ficsean: Crúba na Cinniúna (2009); Uisce Faoi Thalamh (2011); Pincí sa Ghaeltacht (2012) agus Éalú (2013). Filíocht: Aistear Aonair (1999); An Liú sa Chuan (2007); Ar an Imeall (2011).

Meáchan 100 g

Unfortunately bullying is all too prevalent in our society, particularly in our schools. In LabhairAmach.com, secondary school teacher Áine Uí Fhoghlú explores this issue from a student’s point of view.

Úrscéal gairid faoi théama tráthúil atá curtha romhainn ag Áine Uí Fhoghlú anseo. Scéal faoi thromaíocht agus cibear bhulaíocht ach go háirithe. Ciara, cailín i rang an teastas shóisirigh atá i lár an scéil. Tá cailín eile ag bailiú slua timpeall uirthi féin, agus ag úsáid Ciara mar sprioc bulaíochta.

Insítear an scéal ó dhearcadh go leor de na daoine óga agus tugann sé léargas leathan ar na fadhbanna agus dúshlán atá ag daoine óga. Seachnaítear insint dubh agus bán, agus tuigimid na cúiseanna atá ag daoine dá n-iompar ach ní déantar leithscéal do dhrochíde.

Tá scéal dúlra neadaithe ann freisin, áit a fhaigheann Ciara faoiseamh sealadach, ach cailleann sí é sin féin.

Tá teannas san insint a dhruideann i dtreo tubaiste, ach bíonn deireadh dóchasach ann agus bláthú i ndán do Chiara. Bláthú a chabhraíonn léi aithint nach bhfuil sí féin saor ó locht – ach déanann sí leorghníomh.

Tá go leor eolais ann faoi thromaíocht ar na meáin shóisialta agus guthán chomh maith leis san saol fisiciúil, agus na bearnaí tuisceana is féidir a bheith ann idir daltaí agus múinteoirí.

Tá an leabhar dírithe ar an aoisghrúpa 13 – 15 agus measaim go n-éiríonn leis.

Shamhlóinn freisin go mbeadh sé úsáideach chun plé agus cíoradh ar na ceisteanna ann a spreagadh ar scoil nó i ngrúpaí óige.
Léirmheas le Aonghus Ó hAlmhain, Gobblefunked.com, Deireadh Fómhair, 2017.