Póg mo Thóin agus Scéalta Eile

Póg Mo Thóin agus Scéalta Eile – Cnuasach gearrscéalta le Pádraic Breathnach

15.00

Stoc ar fáil

Product ID: 57483 ISBN: 9781784442675 Catagóirí: , , , , Clib:

Póg mo Thóin agus Scéalta Eile

le Pádraic Breathnach

An caidreamh a dhéanann daoine le daoine eile is cás le Pádraic Breathnach sa saothar seo – an chéad chnuasach nua gearrscéalta dá chuid le beagnach fiche bliain.

Caidreamh ina thús nó ina dheireadh, caidreamh á chothú agus caidreamh á scrios, caidreamh folláin agus caidreamh míshláintiúil.

Seo díolaim scéalta a bhfuil casadh chun an dorchadais le sonrú go láidir iontu: fir dhrúisiúla, mná míshásta, tuismitheoirí atá imníoch agus páistí atá míbhuíoch, daoine atá ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ar dhaoine eile, agus gan a fhios acu go bhfuil an chluain á cur orthu féin.

Leabhar é ar furasta gruaim a shamhlú leis ach a bhfuil an solas ina orlaí tríd.

Meáchan305 g
Toisí21.7 × 14 cm

Seans gur spéis leat...